Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Polasaithe

Is muide an chéad ghlúin eile

Polasaí Teanga

Tá sé mar aidhm ag Tuismitheoirí na Gaeltachta go mbeidh an Ghaeilge ina teanga labhartha ag páistí agus daoine óga ina measc féin. Spreagann timpeallacht iomlán Gaeilge páistí leis an teanga a úsáid ar bhealach dearfach, nádúrtha.

Ach ní féidir é seo a dhéanamh gan chúnamh agus tacaíocht ó thuismitheoirí.

Ar son na bpáistí/daoine óga uile a bhíonn páirteach in ócáidí agus imeachtaí TnaG, iarrtar ar thuismitheoirí:

  • Gaeilge a labhairt ag an ócáid lena gcuid páistí agus le tuismitheoirí eile.
  • Meabhrú do na páistí, más gá, gurb í an Ghaeilge teanga na hócáide.
  • Meabhrú do dhaoine a bheidh ag déanamh cúraim dóibh nó ag tabhairt cuairte ar ionad de chuid TnaG ar do shon, gurb í an Ghaeilge teanga an ionaid/na hócáide.
 

Tá foireann TnaG ar fáil le gach aon chúnamh, tacaíocht agus spreagadh a thabhairt cloí leis seo.

Cód Iompair

Creidimid go bhfuil sé de cheart ag gach leanbh a fhreastalaíonn ar ár gcuid seirbhísí cosaint a fháil, go gcaithfí leo le hómós, go n-éistfí leo agus go gcuirfí a gcuid tuairimí san áireamh i ngach cinneadh a dhéanfaidh difear dóibh. 

Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta tiomanta do leanaí a choinneáil slán ó dhochar de réir Acht um thús áite do leanaí 2015.

Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR)

Ó am go h-am tógfar grianghrafanna d’imeachtaí TnaG ina mbeidh tuismitheoirí agus leanaí le feiscint. Táimse sásta le sin, agus tugaimse cead grianghrafanna dá leithéid a úsáid ar ábhar poiblíochta TnaG.

Tugaim cead mo sheoladh ríomhphoist a chur le liosta teagmhála Thuismitheoirí na Gaeltachta. Ní roinnfear sonraí pearsanta ar aon tríú páirtí *.

* I gcás ranganna a chuirtear ar fáil le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta Teo, tugaimse cead mo chuid sonraí teagmhála a chur ar liosta teagmhála Ealaín na Gaeltachta.