Is muide an chéad ghlúin eile

Clár forbartha óige do scoláirí idirbhliana in iar-bhunscoileanna Gaeltachta é Teacht in Inmhe a dhíríonn ar an ngaol idir pobal, éiceolaíocht agus teanga a fhiosrú agus a iniúchadh.
Is é príomhaidhm Teacht in Inmhe ná scileanna pearsanta daoine óga a fhorbairt, iad a chumasú dá n-aistear foghlama chun tuiscint níos doimhne a fháil ar an tionchar a bhíonn ag an bpobal, an éiceolaíocht agus an teanga ar fhéiniúlacht an duine óig sa Ghaeltacht.
Modhanna áisitheoireachta agus dea-chleachtas oibre ón earnáil óige atá mar bhunchloch seachadta an chláir.
Le cur chuige idirghníomhach tugtar tús áite do mhodhanna praiticiúla chun taighde agus anailís a dhéanamh ar an ngaol agus ar na dúshláin idir pobal áitiúil a fhorbairt agus éiceachórais a chosaint.
Tugtar deis chomh maith do scoláirí an gaol idir dhaoine óga agus a dteanga a fhiosrú agus a iniúchadh, mar aon le súil a chaitheamh ar an gcaidreamh casta idir teanga, stát, tírdhreach agus éiceolaíocht.
Tá de sprioc ag Teacht in Inmhe feasacht níos doimhne a chothú i measc an óige ar a bhféiniúlacht Gaeltachta, iad a chumasú agus a chumhachtú mar chúramóirí ar son a bpobal, ar son na héiceolaíochta agus ar son na Gaeilge.

Curtha le chéile ag Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Teacht Aniar.
An buntéacs scríofa ag Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus dírithe go hiomlán ar scoláirí Gaeltachta.
Maoinithe ag COGG agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.