Is muide an chéad ghlúin eile
Cúrsa aoibhinn é Suathaireacht Leanaí a chuirimid ar fáil trí Ghaeilge, le teiripeoir cáilithe, do thuismitheoirí agus leanaí óga 6 seachtaine – 10 mí d’aois.
Bíonn atmaisfeár álainn dearfach suaimhneach ann daoibhse, an tuismitheoir agus a leanbh, chun bheith ar bhur gcomparáid i gcomhluadar tuismitheoirí eile.


Le linn an chúrsa, foghlaimíonn tuismitheoirí conas tabhairt faoi na gluaiseachtaí suathaireachta ar a gcuid leanaí, mar aon le heolas tábhachtach faoin bpróiseas, ar nós…
- an t-am is fearr le tabhairt faoin suathaireacht
- timpeallacht oiriúnach chun do leanbh a chur ar a compord,
- cén ola le húsáid, agus
- an tábhacht le toil an linbh a fháil roimh an suathaireacht.
Foghlaimítear chomh maith conas freagairt an linbh don suathaireacht a mheas, tríd dreach nó aoibh an linbh, athfhilleadh nó preabadh an choirp, agus conas is fearr faoiseamh a thabhairt ar phianta gaoithe nó ar an iatacht.
Feidhmíonn an teiripeoir mar áisitheoir chun gur féidir leis an ngrúpa foghlaim óna chéile agus ábhar eile leo a phlé, ar nós… codladh, beathú agus iompar an linbh, filleadh ar an obair, déileáil le paistí níos sine sa bhaile, agus an t-athrú ó bhonn ar an saol.

Cuirtear braon tae/caifé ar fáil i ndiaidh gach seisiún suathaireachta de chuid Tuismitheoirí na Gaeltachta, chun a bheith i gcomhluadar a chéile agus..
- sóisialú le tuismitheoirí eile,
- taithí a fháil ar dhúshláin agus ar lúcháir na tuismitheoireachta le chéile,
- dul i ngleic le h-uaigneas agus ísle brí,
- cuir le mothúcháin agus meabhair níos dearfaí.