Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Siamsán na nÓg

Is muide an chéad ghlúin eile

Ceardlanna spraíúla don teaghlach san ealaín, cócaireacht, scéalaíocht, spórt agus spraoi. Ó am go chéile bíonn tóraíochtaí, ceardaíocht, siúlóidí coille, picnicí cois trá, siúlóidí dúlra agus neart neart eile.  

Seo ceann d’imeachtaí móra Thuismitheoirí na Gaeltachta a eagraítear sa Ghaeltacht agus níl deireadh le réimse éagsúlachta na n-imeachtaí. 

Cuirtear Siamsán na nÓg ar siúl ag braith ar na h-áisitheoirí a bhíonn ar fáil go h-áitiúl, ach ní fada go dtagann áisitheoirí eile chun cinn bunaithe ar aiseolas uaidh tuismitheoirí de ghnáth. 

De réir a chéile tagann fás agus forbairt ar na siamsáin le h-imeachtaí nua ag teacht chun cinn go leanúnach, a leithéidí… Siamsán le Teidí, Ceangail agus Dathaigh, Siamsán sa Ghairdín, Ceardaíocht Cnaipí, Tithe Éan, Picnic na dTeidithe, Tithe na mBeach, Cluichí agus Aclaíocht, Maisiúchán na Nollag, Siamsán na Samhna agus go leor leor eile! 

Is féidir linn  Siamsán na nÓg a eagrú bunaithe ar éileamh na dteaghlach… 

  • de réir aoise – páistí réamhscoile, páistí sóisir nó sinsir sa bhunscoil, nó  
  • de réir spéise – garraíodóireacht, ceol, tóraíochtaí taisce, ealaíon agus ceardaíochta, nó díreach meascán imeachtaí éagsúla. 

 

Ná bíodh aon mhoill ná drogall oraibh Siamsán a mholadh dúinn i do cheantar-sa. Cuir scéal chugainn anseo nó bí ag caint le duine d’ár nOifigigh Forbartha.