Polasaí Príobháideachais
1. Réamhrá
Tá meas ag Tuismitheoirí na Gaeltachta ar do chuid cearta chun príobháideachais agus tá Tuismitheoirí na Gaeltachta tiomanta príobháideachas lucht úsáidte https://tuismitheoiri.ie (an “suíomh idirlín”) a chosaint agus ár n-oibleagáidí faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (an “GDPR”) a chomhlíonadh. Is maith is eol dúinn go bhfuil tú cúramach, mar úsáideoir an tsuímh seo, faoi shlándáil agus faoi phríobháideachas do chuid faisnéise. Is é atá mar chuspóir leis an bhFógra maidir le Príobháideachas seo (an “Fógra”) breac chuntas a thabhairt duit maidir leis an mbealach ina bhfuilimid ag déileáil le haon sonraí pearsanta a chuireann tú ar fáil dúinn le linn duit a bheith ag tabhairt cuairte ar an suíomh idirlín seo. Níor chóir duit an Suíomh Idirlín seo a úsáid mura bhfuil tú sásta leis an bhFógra seo.
Trí chuairt a thabhairt ar an Suíomh Idirlín seo tá tú ag glacadh le téarmaí an Fhógra seo. Aithnítear go soiléir aon naisc sheachtracha le suímh idirlín eile mar naisc sheachtracha, agus nílimid freagrach ó thaobh ábhair nó polasaithe príobháideachais shuímh idirlín den chineál sin. Nuair a nascaimid le suímh idirlín eile ní chiallaíonn sé go bhfuil Tuismitheoirí na Gaeltachta ag formhuiniú na suímh idirlín sin.
2. An fhaisnéis atá á bailiú againn
2.1 Tá dhá chineál faisnéise á choimeád againn:
(a) “Sonraí Neamhphearsanta”
Is féidir leat a bheith ag brabhsáil ar an Suíomh Idirlín gan insint dúinn cé tú féin nó gan aon fhaisnéis phearsanta maidir leat féin a nochtadh. Mar aon leis an gcuid is mó de shuímh idirlín, tá faisnéis staidrimh agus faisnéis anailíseach á bhailiú againn a bhailítear ar bhonn comhiomlán agus ar bhonn anaithnid óna daoine go léir a thugann cuairt ar an Suíomh Idirlín. Tá na “Sonraí Neamhphearsanta” seo comhdhéanta d’fhaisnéis nach féidir a úsáid chun tú a aithint nó teagmháil a dhéanamh leat, ar nós d’ainm fearainn, cineál brabhsálaí, córas oibríochta agus faisnéise mar an Suíomh Idirlín a threoraigh chomh fada linne tú, na comhaid a íoslódáladh, na leathanaigh ar thug tú cuairt orthu agus dátaí agus amanna na gcuairteanna sin agus sonraí staidrimh anaithnid eile a raibh baint acu le húsáid ár Suíomh Idirlín. (b) “Sonraí Pearsanta” Is ionann “Sonraí Pearsanta” agus sonraí lena n-aithnítear tú nó ar féidir úsáid a bhaint astu le tú a aithint nó le teagmháil a dhéanamh leat. Ní bhailítear Sonraí Pearsanta ach amháin le d’eolas agus le do chead, agus bíonn na sonraí sin á gcoimeád ag Tuismitheoirí na Gaeltachta ar bhealach slán.
2.2 Sa chás go roghnaíonn tú gan Sonraí Pearsanta a chur ar fáil, is féidir leat fós a bheith ag brabhsáil agus úsáid a bhaint as an Suíomh Idirlín, ach d’fhéadfadh sé nach mbeidh feidhmeanna/seirbhísí áirithe ar fáil duit gan na Sonraí Pearsanta atá riachtanach a sholáthar.
2.3 Ní bhaintear úsáid as fianáin ar an Suíomh Idirlín seo le faisnéis inaitheanta phearsanta a choimeád.
3. Na críocha agus bonn dleathach lena gcoimeádann muid agus a mbaineann muid úsáid as do chuid faisnéise, lena n-áirítear, tréimhsí coimeádta
3.1 Sonraí Neamhphearsanta:
Baintear úsáid as an bhfaisnéis seo i bhfoirm comhiomlán le tuiscint níos fearr a fháil ar conas a bhaineann daoine úsáid as an Suíomh Idirlín, m.sh. cé na leathanaigh is mó a bhfuil tóir orthu, cé na naisc is mó a bhíonn úsáideach do dhaoine, srl. Cuidíonn sé seo linn ó thaobh feabhas a chur ar an suíomh idirlín agus faisnéis agus tacaíocht níos fearr a chur ar fáil dóibh siúd a bhaineann úsáid as. Bainimid úsáid as fianáin freisin.
3.2 Sonraí Pearsanta:
(a) Má chláraíonn tú le Tuismitheoirí na Gaeltachta do sheirbhís, mar shampla an nuachtlitir, iarrfar ort sonraí pearsanta a chur ar fáil ar nós do sheoladh ríomhphoist. Tá an Chuideachta ag brath ar do chead (liostáil) mar bhonn dleathach leis na sonraí seo a phróiseáil.
Má roghnaíonn tú gan a bheith páirteach, ní dhéanfar aon sonraí pearsanta a bhaineann leat a choimeád. Má mian leat díliostáil ag tráth ar bith ó ríomhphoist a fháil amach anseo, áirímid treoracha mionsonraithe maidir le díliostáil ag deireadh gach ríomhphost. (b) Má chomhlánaíonn tú an rogha “aisghlaoch/ríomhphost ar ais” ar an Suíomh Idirlín, iarrfar ort sonraí pearsanta ar nós d’ainm, seoladh ríomhphoist agus uimhir ghutháin a chur ar fáil. Tá an Chuideachta ag brath ar leasanna dlisteanacha mar bhonn dleathach le haghaidh na sonraí seo a phróiseáil agus coimeádfaimid/ní choimeádfaimid do chuid sonraí. (c) Má chomhlánaíonn tú an t-iarratas ar fhaisnéis bhreise, iarrfar ort sonraí pearsanta ar nós d’ainm agus do sheoladh ríomhphoist a chur ar fáil. Tá an Chuideachta ag brath ar leasanna dlisteanacha mar bhonn dleathach le haghaidh na sonraí seo a phróiseáil agus coimeádfaimid/ní choimeádfaimid do chuid sonraí. (d) Éileofar ort, más rud é go bhfuil tú ag baint úsáide as Tairseach Custaiméara ar ár suíomh idirlín, do sheoladh ríomhphoist agus pasfhocal a chur ar fáil. Tá an Chuideachta ag brath ar leasanna dlisteanacha mar bhonn dleathach le haghaidh na sonraí seo a phróiseáil agus coimeádfaimid/ní choimeádfaimid do chuid sonraí.
3.3 Ní bhaileofar Sonraí Pearsanta uait ach amháin nuair a chuireann tú faoinár mbráid ar bhonn deonach iad.
4. Nochtadh Faisnéise don Tríú Páirtí
4.1 Ní dhéanfaimid do chuid faisnéise inaitheanta pearsanta a dhíol, a thrádáil nó a aistriú le páirtithe seachtracha. Ní thógann sé seo san áireamh tríú páirtithe iontaofa a chuidíonn linn in oibriú an tsuímh idirlín, i stiúradh gnó, nó i dtabhairt seirbhíse duitse, chomh fada agus a chomhaontaíonn na páirtithe sin an fhaisnéis a choinneáil faoi rún mar chuid dá gconradh le Tuismitheoirí na Gaeltachta agus go bhfuil siad ag cloí leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR).
4.2 Féadfaimid do chuid sonraí pearsanta a scaoileadh freisin sa chás go mbíonn comhlíonadh le ceanglas dlí riachtanach. Tá an ceart ar chosaint againn freisin polasaithe láithreáin a fhorfheidhmiú ar mhaithe lenár gcearta agus le cearta daoine aonair eile a chosaint ar bhealach atá sábháilte agus atá ag comhlíonadh an dlí.
4.3 Ní aistrímis do chuid sonraí lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE).
5. Do Chuid Cearta
5.1 Mura bhfuiltear faoi réir ag díolúine (faoin GDPR), tá na cearta seo a leanas agat maidir le do chuid sonraí pearsanta:-
An ceart chun cóip de na sonraí pearsanta atá á gcoimeád ag Tuismitheoirí na Gaeltachta maidir leat a éileamh;
An ceart éileamh a dhéanamh ar Thuismitheoirí na Gaeltachta aon sonraí pearsanta a cheartú má fhaightear amach go bhfuil siad míchruinn nó as dáta;
An ceart éileamh a dhéanamh go ndéantar do chuid sonraí pearsanta a scrios murar gá do Thuismitheoirí na Gaeltachta sonraí den sórt sin a choimeád níos mó;
[An ceart do thoiliú i leith próiseála a tharraingt siar ag tráth ar bith] [Ná cuirtear isteach ach amháin má táthar ag brath ar thoiliú mar choinníoll próiseála];
An ceart éileamh a dhéanamh go gcuirfidh Tuismitheoirí na Gaeltachta ábhar na sonraí ar fáil i gcomhar lena chuid sonraí pearsanta féin agus más indéanta, na sonraí a tharchur go díreach chuig rialaitheoir sonraí eile (ar a dtugtar an ceart chun iniomparthachta sonraí), (nuair is infheidhme) [Níl feidhm leis ach amháin sa chás go bhfuil an phróiseáil bunaithe ar chead nó go bhfuil sé riachtanach ó thaobh feidhmiú conradh leis an duine is ábhar do na sonraí agus i gceachtar cás déanann an rialaitheoir sonraí próiseáil ar na sonraí trí mhodh uathoibríoch].
An ceart, sa chás go bhfuil aighneas ann maidir le cruinneas nó próiseáil do chuid sonraí pearsanta, éileamh a dhéanamh srian a chur ar thuilleadh próiseála;
An ceart cur i gcoinne sonraí pearsanta a phróiseáil (nuair is infheidhme) [Níl feidhm leis ach amháin sa chás go bhfuil an phróiseáil bunaithe ar leasanna dlisteanacha (nó ar fheidhmiú tasc ó thaobh leas an phobail/feidhmiú údaráis oifigiúil); margaíocht dhíreach agus próiseáil chun críocha taighde eolaíoch/stairiúil]
An ceart chun gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí.
6. Fianáin
Is ionann fianáin agus comhaid bheaga a aistríonn láithreán nó a sholáthróir seirbhíse chuig tiomántán crua do ríomhaire trí do bhrabhsálaí gréasáin (má thugann tú cead dó) a chuireann ar chumas láithreáin nó córais soláthróirí seirbhíse do bhrabhsálaí a aithint agus faisnéis áirithe a ghabháil agus a choinneáil i gcuimhne.
Bainimid úsáid as fianáin leis an méid úsáide a bhaineann tú as an Suíomh Idirlín a rianú agus le sonraí anaithnid a chur le chéile maidir le trácht ar an láithreán agus le hidirghníomhú leis an láithreán ionas go mbeimid in ann taithí agus uirlisí láithreáin níos fearr a thairiscint amach anseo. Baineann an suíomh idirlín seo úsáid as Anailísíocht Google le staidreamh anaithnid a bhailiú maidir le cuairteoirí chuig an láithreán agus maidir leis na leathanaigh a dtugtar cuairt orthu.
Más mian leat, is féidir leat rogha a dhéanamh go dtabharfaidh an ríomhaire foláireamh duit gach uair a sheoltar fianán nó is féidir leat rogha dhéanamh na fianáin go léir a chasadh as trína socruithe brabhsálaí. Mar a chéile le formhór na suíomh idirlín, má chasann tú do chuid fianáin as, d’fhéadfadh sé nach bhfeidhmeodh roinnt dár seirbhísí mar is ceart.
Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le fianáin, féach an Ráiteas maidir le Fianáin.
7. Slándáil
Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta lán dáiríre faoina chuid freagrachtaí slándála, lena n-áirítear leas a bhaint as bearta fisiciúla agus teicniúla slándála cuí, oiliúint foirne a stiúradh, feasacht a chruthú agus athbhreithniú rialta a dhéanamh ar na freagrachtaí seo. Tógfaimid gach réamhchúram réasúnach le caillteanas, mí-úsáid nó athrú Sonraí Pearsanta a chuireann tú ar fáil a sheachaint. Ba chóir duit a thabhairt ar aird, áfach, nach bhfuil tarchur idirlín príobháideach nó slán go hiomlán riamh.
Glacann tú leis go bhféadfadh daoine eile aon fhaisnéis nó teachtaireacht a sheolann tú ar an Suíomh Idirlín a thógáil nó a léamh. Leis seo, admhaíonn agus glacann tú leis nach bhfuil aon fhreagrachtaí orainn agus nach nglacann muid le haon dliteanas in aon slí as caillteanas, gortú nó damáiste a tharla mar gheall gur thóg tríú páirtí ábhar a sheol tú, nó as nochtadh faisnéise, agus níl aon ráthaíocht, baránta nó cúiteamh á chur ar fáil againn mar shlándáil nó eile maidir le haon fhaisnéis a chuireann tú ar fáil.
8. Díol an Ghnó
Tá an ceart ar chosaint againn faisnéis a aistriú (lena n-áirítear, do chuid Sonraí Pearsanta) chuig tríú páirtí i gcás díol, cumasc, leachtú, glacadóireacht nó aistriú sócmhainní go léir nó cuid mhaith de shócmhainní na cuideachta ar an gcoinníoll go gcomhaontaíonn an tríú páirtí cloí le téarmaí Fógra Príobháideachais an tSuímh Idirlín agus ar an gcoinníoll nach mbaineann an tríú páirtí úsáid as do chuid Sonraí Pearsanta ach amháin do na críocha ar chuir tú an fhaisnéis sin ar fáil dúinn. Cuirfear ar an eolas tú i gcás aistriú den sórt sin agus tabharfar an deis duit gan a bheith páirteach.
9. Athruithe ar an bPolasaí Príobháideachais
Beidh an Ráiteas Príobháideachais seo faoi réir ag athrú agus beidh úsáid na faisnéise a bheidh á bailiú againn faoi réir ag fógra príobháideachais.
Ag Dul i dTeagmháil Linn
Má tá aon cheisteanna agat maidir leis an ráiteas príobháideachais seo nó maidir le haon ábhar a bhaineann lenár bpolasaí príobháideachais go ginearálta, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag úsáid an eolais atá thíos:
An tOifigeach atá freagrach maidir le comhlíonadh an GDPR:
Sorcha Ní Chéilleachair
Ceannasaí,
Splanc,
Tuismitheoirí na Gaeltachta,
An Cheathrú Rua Fón: +353 (0)91 869571
Ríomhphost: eolas@tuismitheoiri.ie
Baineann Tuismitheoirí na Gaeltachta úsáid as fianáin ar ár suíomhanna gréasáin. Is ionann úsáid a bhaint as an suíomh idirlín seo agus toiliú leis an úsáid a bhainimid as fianáin faoi mar atá leagtha amach sa Pholasaí Príobháideachais seo.
Glacaim Leis
Diúltaigh
Tuilleadh Eolais