Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Suirbhé ar Sheirbhísí Teaghlaigh sa Ghaeltacht – Anailís

Tuarascáil nua foilsithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta – an léiriú is fearr le fada an lá ar chás na dteaghlach Gaeltachta.

Tugtar an ‘léiriú is fearr le fada an lá ar chás na dteaghlach Gaeltachta’ dar le Sorcha Ní Chéilleachair, Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta sa tuarascáil nua atá foilsithe ag an eagraíocht inniu an ‘Suirbhé ar Sheirbhísí Teaghlaigh sa Ghaeltacht: anailís ar ábhar cáilíochtúil an tSuirbhé’ leis an Dr Laoise Ní Thuairisg.

https://drive.google.com/drive/u/0/search?q=Tuarascail

 

Baineann an tuarascáil le suirbhé a dhein Tuismitheoirí na Gaeltachta i gcomhar leis na hOifigigh Pleanála Teanga agus an eagraíocht Tús Maith ar sheirbhísí teaghlaigh sa Ghaeltacht sa bhliain 2021. Eisíodh torthaí an tsuirbhé níos déanaí an bhliain sin ach cinneadh eolas tábhachtach a fhágáil ar lár ag an am. Scríobh na tuismitheoirí a líon isteach an suirbhé go leor eolas breise sa spás a bhí tugtha dóibh le tráchtanna a bhreacadh síos i ndiaidh na gceisteanna. Bhí saibhreas mór eolais anseo agus níorbh fhéidir dul i ngleic leis go sásúil nuair a bhí na torthaí féin á fhoilsiú. Cinneadh iad a chur faoi bhráid taighdeora le hanailís a dhéanamh orthu agus chun iad a chur in oiriúint le foilsiú. Tá an méid sin déanta sa tuarascáil seo ag an Dr Laoise Ní Thuairisg.

Déantar scagadh ar an méid a bhí le rá ag tuismitheoirí idir shástacht agus mhíshástacht faoina dtaithí agus a dtuairimí ar sheirbhísí teaghlaigh sa Ghaeltacht, léargas faoi leith ar easpa seirbhísí Gaeilge sa chóras sláinte ina measc. Déantar moltaí ag a dheireadh bunaithe ar mhianta agus taithí na dtuismitheoirí.

‘Insint lom, fhírinneach ar ghnáthshaol na Gaeltachta atá sa tuarascáil seo. Chaithfeadh an méid atá ráite faoi na seirbhísí sláinte go háirithe dul i bhfeidhm ar dhuine. Caithfear aird a thabhairt ar an méid atá ráite ag na tuismitheoirí seo agus an méid atá á éileamh acu’ a deir Sorcha Ní Chéilleachair.

Is féidir teacht ar an tuarascáil nua agus torthaí an tsuirbhé féin (a foilsíodh roimhe seo) ar shuíomh idirlín Thuismitheoirí na Gaeltachta ag tuismitheoiri.ie/comhairle

Tuilleadh eolais: Sorcha Ní Chéilleachair, Ceannasaí, Tuismitheoirí na Gaeltachta, 087 2851014.

X