Sraith tóraíochtaí iad seo daoibh féin agus bhur leanaí bunaithe ar shiúlóidí aitheanta i nGaeltachtaí na Mumhan.
Suite sna Déise, tugann na tóraíochtaí seo deis do theaghlaigh dul ag spaisteoireacht amuigh faoin aer i gcuid de na ceantair is áille agus is aoibhne fud fad na hÉireann.
https://tuismitheoiri.ie/category/toraiochtai-teaghlaigh/
Roghnaigh do thóraíocht, clóbhuail cóipeanna do na leanaí nó íoslódáil ar an bhfón póca é, agus ar aghaidh leat go do rogha Gaeltacht. Tóraíochtaí thart ar uair a’ chloig go leith an chuid is mó acu, ag braith ar luas na leanaí, agus cuid acu níos deacra ná a chéile ach gan a bheith ródheacair! Ní gach siúlóid atá oiriúnach don mbugaí, agus is fearr seo a mheas daoibh féin sara mbuaileann sibh bóthar.