Cúig cinn déag de thóraíochtaí ar an bhfiadhúlra atá sa bhfoilseachán Taisce Teaghlaigh chomh maith le líníochtaí den scoth ón sár-ealaíontóir Duibhneach Dómhnal Ó Bric. Tugann Taisce Teaghlaigh deis do theaghlaigh Ghaeltachta blaiseadh a fháil de shaibhreas agus éagsúlacht an nádúir atá ar leac a’ dorais acu mar aon le cur síos agus réimse aoibhinn rannta ina gcanúint féin.
https://tuismitheoiri.ie/taisce-teaghlaigh/
Spreagfaidh an foilseachán seo leanaí Gaeltachta dul i mbun tóraíochta go háitiúil agus éanlaith, feithidí, bláthanna agus ainmhithe atá mórthimpeall orthu a aithint, i dteannta an tsaoil álainn fhiáin cois cósta.