Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Taisce Teaghlaigh seolta

Cúig cinn déag de thóraíochtaí ar an bhfiadhúlra atá sa bhfoilseachán Taisce Teaghlaigh chomh maith le líníochtaí den scoth ón sár-ealaíontóir Duibhneach Dómhnal Ó Bric.

Tugann Taisce Teaghlaigh deis do theaghlaigh Ghaeltachta blaiseadh a fháil de shaibhreas agus éagsúlacht an nádúir atá ar leac a’ dorais acu mar aon le cur síos agus réimse aoibhinn rannta ina gcanúint féin.

Spreagfaidh an foilseachán seo leanaí Gaeltachta dul i mbun tóraíochta go háitiúil agus éanlaith, feithidí, bláthanna agus ainmhithe atá mórthimpeall orthu a aithint, i dteannta an tsaoil álainn fhiáin cois cósta.

Agus saothar an tráthnóna amuigh faoin spéir curtha i gcrích acu, osclóidh na líníochtaí doirse eile do na leanaí chun a gcuid samhlaíocht ealaíonta a mhúscailt agus tréimse fhada a chaitheamh go suaimhneach ag dathú.

Leagan Chonnacht atá curtha ar fáil faoi láthair ach cuirfear an foilseachán Taisce Teaghlaigh ar fáil sa dá mhórchanúint eile amach anseo. Tá leathanaigh aonair an leabhair seo ar fáil mar bhileoga spraoi le híoslódáil ag https://tuismitheoiri.ie/taisce-teaghlaigh/

Beidh Taisce Teaghlaigh san áireamh sa bhfreastal a bheidh á dhéanamh ar theaghlaigh Ghaeltachta mar chuid den fhorbairt atá le déanamh ar an bPacáiste Tacaíochta Teanga.

Tá Taisce Teaghlaigh curtha le chéile ag Tuismitheoirí na Gaeltachta, le maoiniú ón Roinn Tuarasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán.

X