Tá an chéad mhór-suirbhé náisiúnta ar sheirbhísí teaghlaigh sa Ghaeltacht seolta inniu. Tá an suirbhé dírithe ar thuismitheoirí a bhfuil páistí aois 0-12 bhliain acu (nó atá ag súil le páiste).
Cuireadh grúpa oibre ar bun leis an suirbhé a chur le chéile agus páirteach ann bhí ionadaithe ó Thuismitheoirí na Gaeltachta, Tús Maith, Údarás na Gaeltachta agus na hOifigigh Phleanála Teanga.
Tá sé mar aidhm ag an ngrúpa oibre fáil amach céard iad na seirbhísí a bhfuil éileamh ag teaghlaigh Ghaeltachta orthu ina gceantar féin le gur féidir iarrachtaí a dhéanamh na seirbhísí seo a chur ar fáil. Tá sé i gceist mar thoradh ar an suirbhé seo chomh maith, léargas a fháil ar na seirbhísí atá ar fáil do theaghlaigh sa Ghaeltacht cheana féin agus líon na seirbhísí sin atá ar fáil i nGaeilge.
Beidh an suirbhé ar fáil ar líne ag an nasc seo: https://www.surveymonkey.co.uk/r/D8BRGGD agus beidh sé á scaipeadh sna ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre ag Tuismitheoirí na Gaeltachta, Oifigigh Phleanála Teanga agus na heagrais atá páirteach sa ghrúpa oibre.
Tá ceisteanna sa suirbhé faoi sheirbhísí & imeachtaí sóisialta, caitheamh aimsire, teanga, sláinte, oideachais, teicneolaíochta agus eile.
Tá go dtí Dé Luain, an 8 Feabhra ag tuismitheoirí Gaeltachta an suirbhé a líonadh isteach. Ní gá ainm a chur leis, ach beidh deis acu siúd a líonfaidh an suirbhé páirt a ghlacadh i gcrannchur le haghaidh 10 gcinn de dhearbháin €50 do ghnólachtaí/siopaí Gaeltachta.
Tuilleadh eolais:
Sorcha Ní Chéilleachair 087 2851014 nó sorcha@tuismitheoiri.ie