Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Suirbhé ar Sheirbhísí Teaghlaigh sa Ghaeltacht – Torthaí

Seo an chéad mhór-shuirbhé Gaeltachta ar sheirbhísí teaghlaigh agus tá réimse leathan eolais agus staitisticí ar fáil sna torthaí atá á fhoilsiú inniu. Ghlac os cionn 1,000 teaghlach Gaeltachta páirt sa suirbhé a reáchtáladh ar líne ag tús na bliana.

49 ceist faoi sheirbhísí teaghlaigh a bhí san áireamh sa suirbhé agus roinneadh na ceisteanna sin i 7 gcinn de ghrúpaí de sheirbhísí comónta. I measc na ngrúpaí sin tá seirbhísí sláinte, seirbhísí oideachais agus cúram leanaí, imeachtaí sóisialta do theaghlaigh, ranganna do pháistí agus eile.  

Ag labhairt di agus briseadh síos na dtorthaí á bhfógairt dúirt Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta Sorcha Ní Chéilleachair gur ‘léiriú é a bhfuil le léamh sa bhriseadh síos a dhéantar ar torthaí an tsuirbhé seo go bhfuil an-tionchar ag an infheistíocht a dhéantar i seirbhísí pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht ar líon na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge. Is dea-scéal é go bhfuil an lámh in uachtar ag an nGaeilge i bhformhór na seirbhísí teaghlaigh atá á gcur ar fáil. Ábhar díomá mar sin féin a laghad freastail atá á dhéanamh i nGaeilge ar theaghlaigh ag seirbhísí stáit sláinte. In ainneoin seo, is léir ó na torthaí go mbaintear an-úsáid as na seirbhísí seo nuair atá siad ar fáil i nGaeilge agus go bhfuil an-éileamh orthu nuair nach bhfuil siad ar fáil i nGaeilge sa phobal.’

Bhí cheithre chuspóir leis an suirbhé:

  • Eolas a bhailiú faoi sheirbhísí teaghlaigh atá/nach bhfuil ar fáil sa Ghaeltacht agus cén teanga ina bhfuil na seirbhísí sin ar fáil.
  • Cén úsáid a bhaintear as na seirbhísí teaghlaigh i nGaeilge.
  • Cén t-éileamh atá ann ar sheirbhísí teaghlaigh i nGaeilge.
  • Cé chomh sásta is atá teaghlaigh le cúrsaí teanga na seirbhísí teaghlaigh atá ar fáil i nGaeilge.

 

I measc príomh thorthaí iomlána an tsuirbhé léirítear go bhfuil:

  • 81% de theaghlaigh a bhaineann, a bhain nó a bhainfeadh úsáid as seirbhísí teaghlaigh i nGaeilge sa Ghaeltacht (nuair a bhíonn a leithéid ar fáil). 
  • 93% de theaghlaigh a bhain úsáid as seirbhísí teaghlaigh i nGaeilge sa Ghaeltacht an-sásta nó sásta le cúrsaí teanga na seirbhísí sin.
  • 69% de theaghlaigh a deir go mbainfeadh siad úsáid as seirbhís teaghlaigh i nGaeilge sa chás is nach bhfuil an tseirbhís sin ar fáil nó nach bhfuil sé ar fáil dóibh i nGaeilge.

 

Léirítear chomh maith go bhfuil:

  • Seirbhísí teaghlaigh i nGaeilge ar fáil do 30% de theaghlaigh sa Ghaeltacht.
  • Seirbhísí teaghlaigh i mBéarla nó go dátheangach ar fáil do 22% de theaghlaigh sa Ghaeltacht.
  • 48% de phobal na Gaeltachta nach bhfuil seirbhísí teaghlaigh ar fáil dóibh, in aon teanga, nó nach bhfuil aon eolas acu faoi na seirbhísí sin.

 

‘Ábhar misnigh agus díol suntais an úsáid a bhaintear as seirbhísí teaghlaigh i nGaeilge sa Ghaeltacht, an t-éileamh mór atá ar na seirbhísí sin agus chomh sásta is atá daoine leis na seirbhísí nuair a bhíonn siad ar fáil i nGaeilge. Ní féidir neamhaird a dhéanamh de mar sin féin go bhfuil sciar suntasach de phobal na Gaeltachta a dúirt nach raibh seirbhísí teaghlaigh ar fáil dóibh nó nach raibh aon eolas acu fúthu.’ arsa Ceannasaí na h-eagraíochta.

Beidh briseadh síos áitiúil na dtorthaí de réir LPT (Limistéir Pleanála Teanga) á fhoilsiú amach anseo chomh maith le tuarascáil faoi na tuairimí a léirigh teaghlaigh sa suirbhé.

Tuismitheoirí na Gaeltachta i gcomhar leis na hOifigigh Phleanála Teanga, Tús Maith agus Údarás na Gaeltachta a reachtáil an suirbhé. Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta maoinithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Foilsithe Dé Máirt 27 Aibreán.

X