Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Staidéar ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht.

 

Léiríonn Taighde Teaghlaigh atá foilsithe inniu (Déardaoin 29 Iúil 2021) gur 2,889 teaghlach atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht. Is ionann an méid sin agus 23% den líon iomlán 12,586 teaghlach atá ina gcónaí sa Ghaeltacht. 

 

An Phríomh-Oifig Staidrimh a chuir na figiúirí seo ar fáil go heisiach don taighde, ó Dhaonáireamh 2016, chun léiriú a thabhairt ar líon na dteaghlach sna 26 limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil.

 

Léirítear sa taighde céanna go labhraíonn 16% de pháistí agus daoine óga faoi 18 sa Ghaeltacht, Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. Sin 4,090 den líon iomlán 25,207 páiste agus duine óg atá ina gcónaí sa Ghaeltacht.

 

Tuismitheoirí na Gaeltachta a rinne coimisiúnú ar an taighde ‘Staidéar ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge laistigh de na Limistéir Oifigiúla Gaeltachta’ agus is iad na taighdeoirí an Dr Neasa Ní Chuaig, an Dr Conchúr Ó Brolcháin, an Dr TJ Ó Ceallaigh agus an Dr Karen Ní Chlochasaigh ó Choláiste Mhuire gan Smál, Luimneach a rinne an taighde agus a chuir an tuarascáil i dtoll a chéile. An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán a chuir an maoiniú ar fáil.

 

Taighde tánaisteach é seo ach tá eolas nua ann faoi líon agus lonnaíocht na dteaghlach arb í an Ghaeilge a dteanga nó a gcomhtheanga baile laistigh de na Limistéir Ghaeltachta. Tá figiúirí, bunaithe ar theaghlaigh, ní ar dhaoine, faighte ó Dhaonáireamh 2016 (an t-eolas is déanaí atá ann) agus iad briste síos de réir Limistéir Pleanála Teanga (LPT). Tá táblaí curtha ar fáil do gach ceann de na 26 LPT bunaithe ar líon na dteaghlach a chuir in iúl go raibh Gaeilge á labhairt acu.

 

Tá taighde déanta ar an 20 plean teanga a bhí ar fáil don Mheitheal Taighde agus tá códú déanta ar an eolas faoi theanga an teaghlaigh agus táblú náisiúnta déanta. Tá moltaí déanta ag an lucht taighde chomh maith, bunaithe ar an taighde a rinneadh agus an t-eolas a bailíodh.

 

Deir Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta Sorcha Ní Chéileachair gur tuarascáil chinniúnach í seo don phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht. Tugtar léargas dúinn ar úsáid na teanga sa Ghaeltacht sa tuarascáil seo, bunaithe ar theaghlaigh seachas ar chainteoirí aonair agus cuireann sé bonnlíne ar fáil dúinn féin agus do lucht pleanála teanga i gcoitinne.”

 

Dúirt príomh-thaighdeoir na tuarascála an Dr Neasa Ní Chuaig go léiríonn na figiúirí seo an claonadh i dtreo an Bhéarla atá i dteaghlaigh na Gaeltachta agus an tacaíocht a bheidh ag teastáil uathu siúd ar mian leo a gclann a thógáil le Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta, “tugann an taighde seo léargas maith dúinn ar a bhfuil ag tarlú sna ceantair Ghaeltachta ó thaobh cleachtas teanga an teaghlaigh di agus tá súil againn go gcuideoidh an taighde seo le Tuismitheoirí na Gaeltachta agus le heagraíochtaí eile tacaíocht agus cúnamh a chur ar fáil do na clanna ar mhaith leo a gclann a thógáil le Gaeilge”.

 

Deir an tAire Stáit Gaeltachta Jack Chambers go bhfáiltíonn sé roimh an taighde is deireanaí atá coimisiúnaithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta le cúnamh óna Roinn féin. “Beidh an tuarascáil seo an-úsáideach don eagraíocht féin agus í ag cur leis na gníomhaíochtaí a chuireann sí ar fáil faoin bpróiseas pleanála teanga do theaghlaigh atá ag tógáil nó ag iarraidh a gclann a thógáil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Beidh an taighde úsáideach chomh maith, d’eagraíochtaí eile atá gníomhach i gcomhar le Tuismitheoirí na Gaeltachta, ag cur tacaíochtaí teanga-láraithe ar fáil sa Ghaeltacht do theaghlaigh Ghaeltachta.  Gan dabht, tá obair thábhachtach ar siúl ag Tuismitheoirí na Gaeltachta mar thacaíocht don phróiseas pleanála teanga agus chuige sin, bhí mé an-sásta go raibh ar mo chumas, níos túisce i mbliana, deontas suas le €1.6m a cheadú don eagraíocht thar tréimhse trí bliana, chun cur ar a gcumas cur lena gcuid tacaíochtaí do theaghlaigh Ghaeltachta.”

 

Sheol an tAire Stáit Jack Chambers an tuarascáil taighde ‘Staidéar ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge laistigh de na Limistéir Oifigiúla Gaeltachta’ ag ócáid i gConamara ar a 12 méanlae Déardaoin 29 Iúil. Grianghraifeanna ón ócáid ar fáil anseo…

Gailearaí

 

X