Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Spaisteoireacht Samhraidh

Seo linn an Samhradh faoi dheireadh thiar thall agus deis againn sásamh agus spraoi a bhaint as gleannta, cnoic agus cóstaí na hÉireann. Fearaimis fáilte romhaibh teacht ag Spaisteoireacht linn an samhradh seo. Cláraigh anois do phacáiste deas spaisteoireachta, a ullmhóidh na paistí don tSiúlóid Ghaeltachta is fearr libhse!

 

Pacáiste Spaisteoireachta

  • Cláraigh ANSEO roimh an 16 Iúil 2021.
  • Compás, Céim tomhais, Mála Thuismitheoirí na Gaeltachta, Bileog spraoi, pinn luaidhe daite, biorthóir/glantóir agus bosca greamáin.
  • Moltar clárú go luath mar go bhfuil líon teoranta pacáistí ar fáil.
  • Hataí deasa Thuismitheoirí na Gaeltachta le buachan.

 

Spaisteoireacht Samhraidh

  • Pioc siúlóid Ghaeltachta agus amach libh ag spaisteoireacht leis an teaghlach.
  • Roinn bhur gcuid radharcanna linn, ar na tránna, easanna, aibhneacha ‘s locha, ar na sléibhte, coillte ‘s cruacha, ar na gleannta, cnoic ‘s portaigh, agus gan dabht… seoil ‘féinín den teaghlach’ chugainn chomh maith!
  • Cuir ainm an teaghlaigh leis na pictiúir.
  • Cuir ainm na siúlóide agus na Gaeltachta chomh maith.
  • Seol chugainn iad ar WhatsApp go (087) 246 1685 roimh an 16 Lúnasa 2021.

 

Roinnfear bhur gcuid pictiúir ar na meáin shóisialta #spaisteoireacht agus cuirfear in airde iad ar tuismitheoiri.ie  Beidh crannchur do na Siúlóidí Gaeltachta is deise agus bronnfar Hataí nua Thuismitheoirí na Gaeltachta ar 3 theaghlach bhuacacha!

Bainigí sásamh agus spraoi as bhur siúlóidí Gaeltachta, ach ná fág bhur lorg orthu!

X