Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Slán leis an mBunscoil

D’fhógair Roinn an Taoisigh an togra seo atá ar bun ag Tuismitheoirí na Gaeltachta le tacaíocht ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) Dé Luain.

Leabhar speisialta dírithe ar Rang a 6 2020 atá i gceist, a fhoilseofar roimh dheireadh na scoilbhliana seo.

Tá cuireadh á thabhairt do dhaltaí Rang a 6 i ngach Scoil Ghaeltachta ar fud na tíre, píosa scríbhneoireachta a chur ar fáil faoi théamaí a bhaineann lena mblianta sa bhunscoil agus an deireadh gan choinne a tháinig leo.

Cuirfear na píosaí ar fad le chéile agus foilseofar iad sa leabhar speisialta seo.

Tabharfar cóip den leabhar do gach dalta agus gach scoil a bheidh páirteach. Beidh sé acu go deo i gcuimhne ar an tréimse stairiúil seo. Beidh tuilleadh eolais faoin leabhar á scaipeadh ar scoileanna & ar na meáin shóisialta an tseachtain seo.

Déan teagmháil linn le tuilleadh eolais a fháil.

X