Slán a Mheadhbh, go n-éirí go geal leat agus míle buíochas as an méid a thug tú don phobal agus don eagraíocht.
Lá brónach agus deireadh ré a bhí ann dúinn Déardaoin seo caite agus slán fágtha againn lenár gcomhghleacaí uasal
Meadhbh Ní Ghaora.
Chaith Meadhbh beagnach 4 bliana le Tuismitheoirí na Gaeltachta agus ba phléisiúr a bhí ann oibriú léi. Thuig sí pobal na Gaeltachta agus pobal Thuismitheoirí na Gaeltachta agus mheall sí an pobal sin chugainn lena pearsantacht shéimh, ghealgháireach. Bhí sí i gcónaí dúthrachtach, críochnúil ina cuid oibre agus is iomaí píosa breá gáirí a dheineamar in éineacht léi.
Is cailliúint mhór í Meadhbh ní hamháin don eagraíocht seo ach don earnáil teaghlaigh agus don earnáil forbartha pobail i gcoitinne sa Ghaeltacht ach is cinnte, mar is dual di, go leanfaidh sí leis an obair dheonach luachmhar atá ar bun aici. Is cinnte go mbeidh sí ag cur leis an bpobal sa chúram nua a bheidh uirthi chomh maith.