Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Cúrsa nua Gaeilge don Ardteist

Ráiteas Thuismitheoirí na Gaeltachta chuig Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Pobal labhartha na Gaeilge.

 

A Chathaoirligh, a Theachtaí, a Sheanadóirí, a dhaoine uaisle.

Ar dtús, ar mhaithe le mo chuid cainte a chur i bhur láthair i gceart, ba mhaith liom soiléiriú a thabhairt ar ról Thuismitheoirí na Gaeltachta. ‘S í an Ghaeltacht an dualgas atá ar Thuismitheoirí na Gaeltachta agus is ar an nGaeltacht a bheadsa ag trácht inniu. Ní shin le rá nach mbaineann an t-ábhar seo le scoileanna lasmuigh den nGaeltacht, baineann sé le gach aon scoil sa tír, ach beimidne ag díriú ar an nGaeltacht amháin, sin an dualgas atá orainn. Go deimhin is maith linn go bhfuil an deis seo againn mar gur rí-mhinic a fhágtar an Ghaeltacht ar lár i gcomhráite mar seo.

Os cionn 105 bliain ó shin sheas Pádraig Mac Piarais os comhair Ard Oifig an Phoist agus léigh forógra na Poblachta. Éilíodh na cearta céanna don uile shaoránach sa bhforógra sin agus éilíodh go léireofaí an gean céanna do chlann uile an náisiúin. Seo fear a raibh baint nach beag aige leis an nGaeltacht ar ndóigh, a mhol an cainteoir óg dúchais agus a thug an Murder Machine ar an gcóras oideachais sa tír seo. Is díol suntais é mar sin, nár aithníodh go hoifigiúil an cainteoir dúchais Gaeilge sa chóras oideachais sa tír seo go dtí an bhliain 2016 – 100 bliain ina dhiaidh sin. An comhionannas é sin? An buntáiste é sin, mar a mhaíodh sa tigh seo, os comhair an chomhchoiste seo, roinnt seachtainí ó shin? An raibh nó an bhfuil fós, an gean céanna á léiriú againn ar chlann uile an náisiúin?

 

Táimid anseo inniu leis na sonraíochtaí nua nó na cúrsaí nua don tSraith Shinsearach a phlé agus an próiseas comhairliúcháin atá ar bun ina leith. Is cúis díomá do Thuismitheoirí na Gaeltachta chomh diúltach agus chomh cúng is atá an plé seo faoi láthair. Tá próiseas comhairliúcháin ar bun faoi shonraíochtaí – agus gan aon chaint ar na sonraíochtaí féin! Gan aon chaint ar an bhfealsúnacht a bhaineann leis an gcur chuige seo ach oiread, rud atá ag cur ana imní ar Thuismitheoirí na Gaeltachta.

Ar ndóigh ní haon ionadh é seo ar shlí mar go bhfuil an plé ar bun i bhfolús. Ní féidir na cúrsaí nua seo a phlé gan iad a chur i gcomhthéacs an chórais ina mbeidh siad á gcur i bhfeidhm. Tá sé chomh maith dúinn bheith ionraic linn féin, gan a bheith ag cur i gcéill agus glacadh leis gurb iad pointí ardteiste bun agus barr an chórais oideachais, córas na hardteiste pé scéal é, sa tír seo. Ní hé an duine óg, ní hí an teanga, ní hí an scoil, ní hiad na múinteoirí, na tuismitheoirí, an pobal, ceantar na scoile nó fiú ní hé an t-oideachas féin é. Ach pointí ardteiste. Caithfimid na cúrsaí nua a phlé sa comhthéacs sin dá réir.

Ach dar ndóigh, ní féidir. Níl an t-eolas againn. Cuireadh na ceisteanna ach ní bhfuaireadh na freagraí – leithscéalta a tugadh agus cuireadh ó dhoras sinn. Ní féidir aon phlé ceart ná dul chun cinn a dhéanamh gan an t-eolas seo. Idir an dá linn tá an t-am ag meilt agus an sprioc dáta don gcomhairliúchán ag teannadh linn, fiú agus dhá mhí breise curtha leis.

Níl fhios againn an mbeidh pointí bónais ar fáil má tá dhá chúrsa éagsúil le cur i bhfeidhm. Tá daoine trína chéile faoi seo.

 

Tá athrú treo iomlán, ó thaobh na hardteiste pé scéal é, á mholadh. Is eisceacht é seo sa chóras oideachais, go gcuirfí dhá chúrsa éagsúil ar fáil san aon ábhar amháin, ach níl aon eisceacht déanta ó thaobh an eolais atá curtha ar fáil. Níl liostaí téacsanna litríochta tugtha ná samplaí de pháipéirí scrúdaithe mar shampla, rud a thabharfadh léargas agus tuiscint dúinn ar na cúrsaí nua seo. Tá daoine trína chéile faoi seo.

Níl aon athbhreithniú déanta ar an nGaeilge sa tsraith shóisearach agus faoi mar atá ag éirí leis an T1 agus T2 sa chóras sin. Tá daoine trína chéile faoi seo.

Níl aon chaint faoi na tacaíochtaí a bheidh ar fáil do mhúinteoirí agus do scoileanna leis an gcóras nua seo a chur i bhfeidhm. An mbeimid fágtha ar an bhfaraor géar, mar atá tárlaithe cheana? Níl mórán muiníne á léiriú go mbeidh réimse ceart tacaíochta ar fáil – agus ar fáil in am. Tá daoine trína chéile faoi seo.

Níl fhios againn conas a chuirfear é seo i bhfeidhm go praiticiúil sna scoileanna Gaeltachta – an mbeidh sé éigeantach nó roghnach. Tá daoine trína chéile faoi seo.

Níl aon deis ann slite eile a mholadh leis na haidhmeanna céanna a bhaint amach. Ábhar nó leath ábhar eile bunaithe ar shaíocht na teanga mar shampla. Comhréiteach atá á lua go láidir sna pobail Ghaeltachta agus moladh atá ann le fada. Tá daoine trína chéile faoi seo.

Thar aon rud eile, tá daoine trína chéile faoin easpa tuisceana agus a laghad béime ar an bhfealsúnacht a bhaineann leis seo. ‘S é sin deis do dhaoine óga a dteanga féin a thabhairt chun saibhris agus go dtiocfaidís in inmhe mar chainteoirí cumasacha, muiníneacha. Nó i bhfocail eile, go léireofaí meas agus tuiscint agus go dtabharfaí tacaíocht chuí do chainteoirí dúchais agus líofa Gaeilge sa chóras oideachais. Nó an é go mbeimid ag filleadh ar an Murder Machine a bhí faoi thrácht ag Pádraig Mac Piarais. An bhfuilimid ag loic nó ag teip arís eile ar na cainteoirí dúchais agus ar an nGaeltacht?

 

An bhfuiltear ag iarraidh folús eolais a chruthú go dtí go n-ídeofar fuinneamh na múinteoirí, go mbrisfear spiorad na dtuismitheoirí ar mian leo go mbeadh a gcuid leanaí ina gcainteoirí cumasacha agus muiníneacha ina dteanga féin? Tá íobairt agus iarrachtaí móra déanta ag na tuismitheoirí seo le Gaeilge a thabhairt dá gclann agus a gcroíthe cráite ag córas easnamhach atá ag sú na teanga astu.

Muna spreagfar daoine óga – mná agus fir óga ábalta na Gaeltachta – teacht in inmhe mar chainteoirí cumasacha, muiníneacha – cad atá i ndán don nGaeltacht? Is cinnte ná beidh aon mhaith le séanadh na géarchéime an uair sin. Muna mbeadh ann ach go bhfaigheadh an rialtas luach ar a gcuid airgid, an infheistíocht atá á dhéanamh acu sa phróiseas pleanála teanga, a bhfuil na milliún a chaitheamh air. Ba dhóigh le duine gurb é an sprioc atá leis seo ar fad, nach mbeadh fágtha ach corr theaghlach fánach anseo is ansiúd ag caint i dteanga rúnda nach dtuigeann éinne ach iad féin. Seo mar a thugtar faoi theanga dhíothú, seo mar a thugtar faoi chine dhíothú.

 

Scéal fada é seo mar atá, ach má théann sé mórán níos faide, cruthóidh sé scoilt sa phobal Gaeltachta, muna bhfuil sé cruthaithe cheana féin. An é seo a theastaíonn ón Roinn Oideachais? An chun leasa na teanga é, muintir na Gaeltachta a chur in aghaidh a chéile?

Cá bhfuil an cheannasaíocht? Cén fáth nach bhfuiltear tagtha roimhe seo – agus gur gá d’ionadaí ó eagraíocht pobail agus teanga é seo a chur in iúl anseo inniu? Nó an é gur iarracht atá ann córas a shleamhnú isteach, córas a bheidh i bhfeidhm go ceann tamall fada de bhlianta eile? Córas nach féidir aon bhreithiúnas ceart a dhéanamh air.

An iad an Roinn Oideachais agus an NCCA a chneasóidh an chréacht, an scoilt, má théann an scéal seo níos faide? Ní hiad. Fágfar faoi mhuintir na Gaeltachta féin é, na scoileanna agus na heagraíochtaí pobail agus teanga. Ní féidir an t-ualach seo a leagan orainne. Seo ualach don Roinn Oideachais agus don NCCA. Níl sé ceart, níl sé cóir. Bheadh sé mí-mhorálta agus mí-ionraic.

 

Iarraimid dá réir go ndéanfaí machnamh ceart ar seo. Cá bhfuil an deitheanas? Thóg sé 100 bliain, tá sé chomh maith dúinn a rá, aitheantas a thabhairt don gcainteoir dúchais sa chóras oideachais sa tír seo, cá bhfuil an deitheanas anois, cá bhfuil an deifir? Déanaimis é seo i gceart.

Éilíonn Tuismitheoirí na Gaeltachta, ar mhaithe leis an nGaeltacht, le slánú na bpobal teanga, an méid acu atá fágtha agus chun go dtiocfadh an chéad ghlúin eile faoi bhláth, go gcuirfí stop iomlán leis an bpróiseas lochtach seo. Lochtach mar nach bhfuil an t-eolas ceart againn le haon bhreithiúnas a dhéanamh ar an gcóras nua seo.

Éilíonn Tuismitheoirí na Gaeltachta chomh maith go gceapfaí idirghabhálaí nó eadrascánaí agus go gcuirfí córas ar bun, le hiniúchadh ceart a dhéanamh ar an bhfreastal cuí teanga agus oideachais laistigh den gcóras atá i bhfeidhm – córas na bpointí – do dhaoine óga sa Ghaeltacht, chun deis a thabhairt dóibh barr a gcumas féin sa teanga a bhaint amach agus nach gceilfí a gcearta teanga ná a gcearta oideachais orthu.

 

Iarraimid go labhrófaí le muintir na Gaeltachta – scoileanna, múinteoirí, tuismitheoirí, daoine óga, fostóirí, eagraíochtaí stáit, teanga agus pobail.  Muna dtabharfar faoi seo i gceart, beidh scoilt ann. Cuirfear go leor den dul chun cinn atá déanta ó thaobh chúrsaí oideachais agus pleanála teanga de sa Ghaeltacht ó mhaith.

Scríbhneoirí móra an Bhéarla ar bharr a ngoib ag scoláirí tarna leibhéal na tíre, scoláirí na Gaeltachta ina measc, ach mór scríbhneoirí agus mór shaothair na Gaeilge, a dteanga féin, á séanadh agus á gceilt orthu ag córas nach bhfuil in oiriúint dóibh. Cá bhfuil an comhionannas idir an dá theanga? Cá bhfuil an buntáiste a deir siad atá ag an nGaeltacht? Níl comhionannas againn, ní áirím buntáiste.

 

I mbréithre dhuine de na mór-scríbhneoirí Gaeilge…

bain ded’ mheabhair
Srathar shibhialtacht an Bhéarla,
Shelley, Keats is Shakespeare:
Fill arís ar do chuid,

dein
Síocháin led’ ghiniúin féinig
Is led’ thigh-se féin is ná tréig iad,
Ní dual do neach a thigh ná a threabh a thréigean.

 

I gceann 20 nó 30 bliain, an aithneoidh aoinne údar an dáin seo? Nó aoinne eile de mhór scríbhneoirí nó mór shaothair Gaeilge agus go deimhin nílimid gann orthu. Ach an mbeidh na húdair iomráiteacha Béarla atá luaite ag mór fhile na Gaeilge seo, fós ar bharr a ngoib ag scoláirí óga na tíre? Cuimhnigh ar sin mar chomhionannas. Cuimhnigh ar sin mar bhuntáiste.

Cuirfidh mé críoch leis an bpíosa cainte seo inniu leis an gceist seo, agus bímis ionraic, fírinneach, macánta á freagairt. An bhfuilimid ag iarraidh go mairfeadh an Ghaeltacht? Ná teipimis, ná loicimis, ná clisimis ar ghlúin eile de chainteoirí dúchais, ár ndaoine óga breátha, slánú na Gaeltachta, an chéad ghlúin eile.

 

Go raibh maith agaibh.

X