Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Pacáiste Tacaíochta Teaghlaigh – maoiniú breise

Pacáiste Tacaíochta Teaghlaigh

Déanfar freastal níos fearr ar na teaghlaigh a dhéanann iarratas ar an bPacáiste Tacaíochta Teaghlaigh anois agus maoiniú suntasach breise ceadaithe do Thuismitheoirí na Gaeltachta.

Chuir Tuismitheoirí na Gaeltachta córas nua i bhfeidhm nuair a thóg siad riar an phacáiste ar lámh in 2019. Cuireadh córas iarratais ar líne agus feachtas eolais ar bun agus cuireadh pacáistí nua ar fáil – rogha pacáistí canúnacha san áireamh. Tháinig méadú 89% ar an éileamh in 2020 agus méadú eile 25% ar an méid sin in 2021. Chuir sé seo go leor brú ar acmhainní na heagraíochta agus b’éigean athbhreithniú inmheánach a dhéanamh féachaint le córas nua a mholadh le freastal ar an éileamh.

Faoin gcóras nua seo déanfar leasú ar an bpróiseas iarratais chun riachtanais na dteaghlach a aithint agus chun pacáistí oiriúnacha a chur ar fáil dóibh dá réir.

Beidh pacáistí éagsúla á gcur ar fáil feasta, ina measc pacáiste faoi leith do theaghlaigh Ghaeltachta a bheidh bunaithe ar an gcanúint áitiúil agus a chuirfidh eolas faoi imeachtaí agus seirbhísí sa cheantar ar fáil. Beidh pacáiste eile á chur le chéile do theaghlaigh ar fud na tíre a chuirfidh cúnamh bunúsach ar fáil d’fhoghlaim na teanga.

Beidh tairbhe níos fearr le baint ag teaghlaigh as an bpacáiste agus beifear ag cur le córas teagmhála Thuismitheoirí na Gaeltachta do theaghlaigh Ghaeltachta dá bharr.

 

Beidh teaghlaigh ar fud na tíre in ann iarratas a dhéanamh ar an bpacáiste ar shuíomh idirlín Thuismitheoirí na Gaeltachta ag  https://tuismitheoiri.ie/pacaiste-ptt/

X