Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Leabhair atá aois oiriúnach

Ag lorg leabhar Gaeilge a bheadh oiriúnach dod’ pháiste? Ar mhaith leat leabhar i do chanúint féin a roghnú? Bhuel, tá cúnamh ar fáil anois!

Ar iarratas ó thuismitheoirí, tá liostaí leabhar curtha le chéile ag TnaG a chuirfidh moltaí ar fáil faoin réimse breá leabhar i nGaeilge do dhaoine óga atá ar an margadh faoi láthair. Dúirt tuismitheoirí linn gur mhaith leo eolas a fháil faoi leabhair a bheadh oiriúnach d’aoisghrúpaí éagsúla, canúintí agus ábhair faoi leith eile.

Ag tosnú i Nuachtlitir TnaG an lae inniu, tá tús curtha le feachtas eolais faoi na leabhair Ghaeilge. Beidh moltaí á scaipeadh againn as seo go ceann tamaill ar na meáin shóisialta freisin mar sin coinnigh súil ar chuntais facebook agus twitter TnaG.

Míle buíochas leis an Dr Róisín Adams a chuir na liostaí le chéile agus le Annabel Ní Chonghaile a dhear na fógraí gleoite. Tá Annabel ar thaithí oibre le TnaG ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh faoi láthair agus obair na gcapall ar siúl aici.

Is fiú tabhairt faoi deara gur treoir gharbh atá i gceist agus ní gá go mbeadh sé cruinn amach is amach!

Ba bhreá linn bhur dtuairimí a fháil, bígí i dteagmháil ar na meáin shóisialta nó ag eolas@tuismitheoiri.ie

 

        

X