Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Connachta / Laighin – Méadhbh Ní Ghaora

Chuir mise tús le mo phost mar Oifigeach Forbartha do Chúige Chonnacht agus Laighean i mí Méan Fómhair 2020, tréimshe dúshlánach go leor ó thaobh cúrsaí covid dhi, ach shocraigh mé isteach go maith.

Is ar líne is mó a bhí na himeachtaí ar bun, ach d’éirigh liom ceann nó dhó a reáchtáil i measc an phobail i mí Meán Fómhair anuaraidh. Bím freagrach as cuntais TnaG ar na meán shóisialta, ar Facebook, Twitter agus Instagram chomh maith.

Is iad Conamara Láir, Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh, Cois Fharraige, Maigh Cuilinn, Maigh Eo Thuaidh agus Maigh Eo Thiar na Limistéir Pleanála Teanga atá faoi mo chúram.

Tá neart imeachtaí ar na bacáin agam do na ceantair seo agus tá mé ag súil go mór a bheith ag obair i dteannta na hOifigigh Pleanála Teanga agus na teaghlaigh sna limistéir seo, go mór mór anois agus cúrsaí an tsaoil ar ais mar a bhí.

Táimse lonnaithe i bpríomh oifig Thuismitheoirí na Gaeltachta ar an gCeathrú Rua i gConamara agus is féidir teagmháil  a dhéanamh liom ag

meadhbh@tuismitheoiri.ie nó 091 869 571.

X