Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Sicín mise go sona sásta

Amhráin agus rannta gleoite don aos óg á rá anso ag Bernie Pháid Ní Mhuircheartaigh & Páidí Mhárthain Mac Gearailt, beirt de mhóramhránaithe Chorca Dhuibhne. Ceol le Donogh Hennessy. Maisithe ag Dómhnal Ó Bric. Deartha ag Feargal Mac Amhlaoibh. 

Foilsithe ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne. 

Ící Pící

le Nellie Nic Giolla Bhríde

Leabhar agus dlúthdhiosca amhráin úra do pháistí, ceolta agus cóirithe go spleodrach, le tionlacan ó bhanna ceoil na bhfeithidí. Ceol le Doimnic Mac Giolla Bhríde. Maisithe ag Dara McGee.

Foilsithe ag Éabhlóid.

An Gadaí Dubh

le Siobhán Ní Mhuimhneacháin

Úrscéal nua don chlár léitheoireachta do pháistí sna hardranganna bunscoile.

Níl dúil ar bith ag Dáibhí Ó Dálaigh sna scéalta traidisiúnta ná sna piseoga. Dar leis, níl sna scéalta faoi Naomh Gobnait agus an Gadaí Dubh ach seafóid. Ach braitheann Dáibhí draíocht dhomhínithe éigin agus é ar strae tráthnóna dorcha i dTeampall Naomh Gobnait. An eol don Ghadaí an choir atá déanta ag Dáibhí? An bhfuil fírinne ag baint leis na piseoga? Maisithe ag Kieron Black.

Foilsithe ag Séideán Sí.

Lúba

le Alan Titley

Úrscéal tuisceanach, cliste, greannmhar don aos óg ó dhuine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge.

‘Cad ba mhaith leat anois?’ Ní raibh tuairim agam cad a bhí uaim. Conas a bheadh? ‘Imeacht, is dócha,’ arsa mise, mar b’in iad na focail a tháinig amach. ‘Imeacht in áit éigin nach n-aithneofaí mé.’ Tá Lucy ag streachailt leis an saol: a tuismitheoirí, an scoil, a cairde, a smaointe féin fiú. An dtiocfadh léi saol álainn a bheith aici mar atá ag Clúimhín, an cat? Agus dá mbronnfaí saol an chait uirthi, an mbeadh sí sásta leis? Maisithe ag John White.

Foilsithe ag An Gúm

Cití Cailleach

Le Liam Mac Cóil, Valerie Thomas & Korky Paul.

Scéal Aoibheann é seo faoi Cití Cailleach i dteach dubh, áit atá gach sórt sa teach sin dubh – na cairpéid, na cathaoireacha, na pictiúir ar na ballaí, an leaba agus na braillíní féin. Bhí an folcadán dubh, fiú. Ar ndóigh bhí an cat dubh freisin, rud a d’fhág fadhb ag Cití…

Tá an scéal seo ceaptha do ghasúir ó 8-11 bhliain. Foilsithe ag An Gúm.

X