Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Is fiú go mór é.

Teaghlaigh Ghaeltachta lárnach i bhfeachtas nua faoi thógáil clainne le Gaeilge.

 

Tá sraith taifeadtaí faoi thógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht curtha faoi bhráid an phobail mar chuid d’fheachtas nua ag Tuismitheoirí na Gaeltachta an mhí seo.

Na teaghlaigh féin atá i lár an aonaigh agus na suáilcí a bhaineann le tógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht á bplé acu.

Caitear seal le Cormac ó Chorca Dhuibhne agus a mhac óg Danny, comhairlíonn Lucia ó Ghailís na Spáinne dúinn bogadh go dtí an Ghaeltacht, míníonn Aifric ó Indreabhán chomh buíoch is atá sí dá cuid tuismitheoirí go ndearna siad an cinneadh í a thógáil le Gaeilge, labhraíonn Déirdre agus Pádraig ó Ghaoth Dobhair faoin mbród a bheireann sé dóibh a gclann a thógáil le Gaeilge agus go leor eile.

Ghlac aon teaghlach déag (11) páirt sa taifead ó Dhún na nGall, Gaillimh agus Ciarraí. Beidh fógraí teilifíse agus raidió á gcraoladh mar chuid den fheachtas, fógraí á bhfoilsiú i nuachtáin agus ar líne chomh maith le físeáin agus ábhar eile á roinnt ar na meáin shóisialta.

Ag labhairt di faoin bhfeachtas dúirt Sorcha Ní Chéilleachair, Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta go raibh an eagraíocht “an-tógtha leis na teaghlaigh spreagúla seo agus an mórtas, bród, misneach agus dóchas a bhí le brath go láidir ina measc. Is ceist an-chasta í ach tá súil againn go rachaidh na scéalta seo i bhfeidhm ar dhaoine agus go gcuirfidh sé i mbun machnaimh iad.”

X