Tá post mar Bhainisteoir Airgeadais agus Oibríochtaí agus dhá phost mar Bhainisteoir Forbartha á dtairiscint ag Tuismitheoirí na Gaeltachta. Poist bhainistíochta iad seo agus tá an tuarastal bunaithe ar scála pá d’Ardoifigeach Feidhmiúcháin sa tSeirbhís Phoiblí (€54,764- €68,970).
Beidh an Bainisteoir Airgeadais agus Oibríochtaí freagrach as córais airgeadais, cuntasaíochta, riaracháin agus oibríochtaí Thuismitheoirí na Gaeltachta a bhainistiú agus a fhorbairt agus beidh foireann Riarthóirí Oifige faoina chúram/cúram. Beidh an Bainisteoir Airgeadais agus Oibríochtaí lonnaithe i SPLANC! Lárionad Thuismitheoirí na Gaeltachta ar an gCeathrú Rua, Conamara, Co. na Gaillimhe.
Tuilleadh eolais d’iarrthóirí… Bainisteoir Airgeadais agus Oibríochtaí
Beidh na Bainisteoirí Forbartha freagrach as scéimeanna na heagraíochta a bhainistiú agus a fhorbairt agus beidh foireann d’Oifigigh Forbartha faoina gcúram. Beidh na Bainisteoirí Forbartha lonnaithe in aon cheann d’oifigí TnaG i gConamara, Gaoth Dobhair nó Corca Dhuibhne.
Tuilleadh eolais d’iarrthóirí… Bainisteoir Forbartha
Dáta deireanach d’iarratais: Dé hAoine 8 Márta 2024.
Tá sé i gceist ag TnaG liosta ionadaithe a bhunú, a fhéadfar a úsáid le haghaidh folúntas sa réimse seo amach anseo.
