Físeáin ar YouTube!
Siún Ní Eartáin agus Sibéal Ní Ógáin, beirt dhéagóirí ó Chorca Dhuibhne atá i mbun féiríní na Nollag a dhéanamh ‘sna físeáin bheaga ghleoite seo.
Tá siad i mbun athchúrsála agus ag cruthú bronntanais bheaga deasa do chairde agus mhuintir an tí. Féach agus foghlaim!
Tapaigh an deis chun do shamhlaíocht agus do chruthaíocht a úsáid chun gliondar agus áthas a chur orthu siúd mórthimpeall ort an Nollaig seo.