Tá Féasta Filíochta, imeacht ar líne an-spéisiúil á eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta don Oíche Chultúir ar an Aoine 18 Meán Fómhair.
Rogha dánta atá i gceist, cruinnithe le chéile ag Tuismitheoirí na Gaeltachta agus curtha ar fáil i bhfoirm leathanaigh dathúcháin ag togha na n-ealaíontóirí Gaeltachta.
Tá an-ríméad go deo orainn go mbeidh dán nua, cumtha go speisialta do Thuismitheoirí na Gaeltachta ag John Beag Ó Flatharta, á gcur i láthair an phobail den chéad uair ar an Oíche Chultúir.
Beidh na leathanaigh dathúcháin seo á scaipeadh in eagrán speisialta de Splanc, nuachtlitir Thuismitheoirí na Gaeltachta ar an Aoine.