Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Riarthóir – Erin Bhreathnach

Tá mise ag obair le Tuismitheoirí na Gaeltachta ó mhí an Mhárta 2019.  Is riarthóir oifige mé i bpríomhoifig Thuismitheoirí na Gaeltachta ar an gCeathrú Rua.

Tá muid ar ais san oifig anois le cúpla seachtain agus rudaí faoi lán seoil anseo, bíonn mise lonnaithe ag an deasc Fáiltiú, agus is álainn ár gcairde a fheiceáil ag teacht isteach arís go dtí muid.

Is iad na dualgaisí atá ormsa ná an oifig a riar agus a bhainistiú go laethúil.
Bíonn mé ag obair ar an bPacáiste Tacaíochta Teaghlaigh chomh maith, pacáiste leabhar é an PTT atá dírithe ar theaghlaigh a bhfuil gasúir faoi 5 bliana acu agus atá ag tógáil a gclann le Gaeilge nó ar mian leo a leithéid a dhéanamh.

Tá tuilleadh eolais le fáil faoin PTT chomh maith leis an bhfoirm iarratais ar shuíomh Thuismitheoirí na Gaeltachta tuismitheoiri.ie

Is féidir teagmháil a dhéanamh liom ag erin@tuismitheoiri.ie nó ag 091 869571
X