Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Tír Chonaill – Eilín Ní Bhaoill

Tá mise ag obair mar Oifigeach Forbartha i dTír Chonaill ó mhí na Samhna 2019 agus tá m’oifig lonnaithe sa Chrannóg i nGaoth Dobhair.

Ní raibh mé sa phost ach seal beag nuair a tháinig na srianta sláinte i bhfeidhm sa tír agus cosúil le gach eagraíocht eile bhí orainn dhul malairt slí lenár modh oibre, le teagmháil a dhéanamh le teaghlaigh agus tacaíocht a thabhairt dóibh.

Nuair a thosaigh na srianta bhunaigh muid na grúpaí WhatsApp agus tré seo bím i dteagmháil leis na baill gach seachtain ag roinnt eolais faoi na ceardlanna, na siamsáin agus gach uile rud atá ar bun againn san eagraíocht.

Tá mé ag súil go mór leis an lá ina mbeidh iomlán srianta a mhaolú agus le bheith ar ais sa phobal ag casadh leis na teaghlaigh ar fud na contae, nach bhfuair mé deis casadh leo go fóill, le gach tacaíocht a thabhairt dóibh agus do na hoifigigh pleanála teanga uilig.

Is iad ceantar Thuaisceart Dhún na nGall, Dún na nGall Theas, Cloich Cheann Fhaola, Toraigh, Na Rosa, An Ghaeltacht Láir, Árainn Mhór, Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire, agus Loch an Iúir na limistéir pleanála teanga atá faoi mo chúramsa agus mé i mbun mo chuid oibre le TnaG

Fáiltím roimh an deis seo mé féin a chur in aithne daoibh agus seo leanas mo chuid sonraí teagmhála:

eilin@tuismitheoiri.ie

085 8624322

X