Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Daonáireamh 2016-2022: Teaghlaigh, Páistí agus Daoine Óga sa Ghaeltacht

· Céatadán na dteaghlach ar féidir a rá go bhfuil a gclann á tógáil le Gaeilge acu seasmhach go maith
· Méadú tagtha ar chéatadán na dteaghlach ar féidir a rá go bhfuil a gclann á tógáil le Gaeilge acu i 12 LPT
· Níl ach 3 LPT ar féidir a rá go bhfuil os cionn 50% de theaghlaigh ag tógáil a gclann le Gaeilge ann
· Titim tagtha ar chéatadán na dteaghlach, na bpáistí agus na ndaoine óga a deir go bhfuil Gaeilge acu

Léiríonn tuarascáil nua atá foilsithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta go bhfuil céatadán na dteaghlach sa Ghaeltacht ar féidir a rá go bhfuil a gclann á tógáil le Gaeilge acu seasmhach go maith.
Tá iniúchadh déanta ar thorthaí daonáirimh ó 2016 agus 2022 sa tuarascáil agus figiúirí do theaghlaigh Gaeltachta, a chuir an Phríomhoifig Staidrimh ar fáil go heisiach, foilsithe den chéad uair.
Glactar leis sa taighde atá déanta, gur féidir a rá go bhfuil aon teaghlach a bhfuil duine amháin fásta ar a laghad agus duine amháin idir 3-18 ar a laghad ag labhairt Gaeilge go laethúil ann, mar theaghlach ina bhfuil clann á tógáil le Gaeilge.Léiríonn na figiúirí teaghlaigh (cainteoirí laethúla Gaeilge/teaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge) gur titim bheag ó 15.83% in 2016 go 15.18% in 2022 atá i gceist agus gur féidir a rá dá réir go bhfuil cúrsaí seasmhach go maith.
Titim níos mó, ó 21.42% in 2016 go 19.68% in 2022, de chainteoirí laethúla Gaeilge (os cionn 3 bliana) a bhí i gceist sa ghnáthphobal.
Tá figiúirí le haghaidh gach ceann den 26 Limistéar Pleanála Teanga (LPT) sa Ghaeltacht san áireamh sa tuarascáil chomh maith. Léiríonn an chuid seo de na figiúirí go bhfuil méadú tagtha ar chéatadán na dteaghlach ar féidir a rá go bhfuil a gclann á tógáil le Gaeilge acu (ar cainteoirí laethúla Gaeilge iad) i 12 Limistéar Pleanála Teanga (LPT).
Mar sin féin, níl ach 3 LPT sa Ghaeltacht ar féidir a rá go bhfuil os cionn 50% de theaghlaigh ag tógáil a gclann le Gaeilge iontu.
Is suntasach chomh maith go léiríonn na figiúirí daonáirimh go bhfuil titim tagtha ar chéatadán na dteaghlach, na bpáistí agus na ndaoine óga sa Ghaeltacht a deir go bhfuil Gaeilge acu. Ní raibh ach 3 LPT ann a léirigh méadú ar chéatadán na bpáistí agus na ndaoine óga a dúirt go raibh Gaeilge acu.
Deir údar na tuarascála agus Ceannasaí TnaG Sorcha Ní Chéilleachair go bhfuil ‘idir ábhar dóchais agus imní sna figiúirí. Is cúis misnigh dúinne atá ag obair le teaghlaigh sa Ghaeltacht go bhfuil cúrsaí seasmhach go maith ach ní féidir a shéanadh gur céatadáin ísle atá i gceist mar bhunús.’

 

 

Tá an tuarascáil le fáil ag an nasc seo:

Tuarascáil Daonáireamh 2016-2022 Cóip digiteach