Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Cuireadh – Cur i láthair ar an tuarascáil taighde

Ba mhór ag Tuismitheoirí na Gaeltachta tú a bheith i láthair ag cur i láthair ar líne ar an tuarascáil taighde: ‘Staidéar ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge laistigh de na Limistéir Oifigiúla Gaeltachta’ leis na húdair: An Dr Neasa Ní Chuaig, An Dr Conchúr Ó Brolcháin, An Dr Karen Ní Chlochasaigh & An Dr TJ Ó Ceallaigh ó Choláiste Mhuire gan Smál, Luimneach faoi choimisiún ag Tuismitheoirí na Gaeltachta.

 

Dé Céadaoin 4 Lúnasa 2021   4.00 in

Cathaoirleach: Treasa Uí Lorcáin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

 

Déanfaidh údair an taighde cur i láthair ar na príomhthorthaí agus beidh deis an taighde a phlé ina dhiaidh.

 

Le bheith i láthair ní gá ach clárú ag an nasc: https://forms.gle/hsM89QUj3VCFpiC58

Caithfear clárú roimh Dé Máirt 3 Lúnasa ag 5in. Seolfar nasc chuig an gcruinniú zoom agus cóip leictreonach den tuarascáil taighde chuig na daoine atá cláraithe maidin Dé Céadaoin roimh an gcruinniú. Tá an tuarascáil ar fáil ag Taighde Teaghlaigh 

 

X