Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Cuir stop ‘láithreach bonn’ le próiseas comhairliúcháin faoi Ghaeilge na hArdteiste

Tá tuairimí an phobail á lorg faoi láthair faoi mholtaí atá déanta faoi dhá chúrsa nua Gaeilge – ceann do dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus ceann do scoileanna Béarla. Tá iarrtha ag 13 móreagraíocht teanga agus oideachais ar an NCCA stop a chur “láithreach bonn” leis an bpróiseas comhairliúcháin atá tosaithe faoi na cúrsaí Gaeilge nua atá le tabhairt isteach don Ardteist.

Foilsíodh eolas an mhí seo caite faoin dá chúrsa nua Gaeilge – ceann do dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus ceann do scoileanna Béarla – agus tá tuairimí an phobail á lorg anois faoi na moltaí.

I litir a seoladh go dtí an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, éilítear go gcuirfí ar athló an próiseas sin nó go mbeidh athbhreithniú déanta ar na cúrsaí Gaeilge nua a tugadh isteach don Teastas Sóisearach. 

Cuireadh cóip den litir chuig Airí na Gaeltachta Catherine Martin agus Jack Chambers chomh maith.

Deirtear chomh maith sa litir gur chóir an próiseas a chur siar go dtí i ndiaidh na paindéime le go mbeidh deis an scéal “a phlé i gceart sa phobal”.

I measc na n-eagraíochtaí atá luaite leis an litir tá Údarás na Gaeltachta, Conradh na Gaeilge, Gaeloideachas, Gael Linn, CONCOS, Tuismitheoirí na Gaeltachta, Gael Taca agus Ógras.

X