Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Oifig na Mumhan – Roibeard Ó hEartáin

Is i mbun imeachtaí agus seirbhísí a fhorbairt do theaghlaigh atáimse sna cúig cheantar Ghaeltachta i gCúige Mumhan – Cléire, Múscraí, Corca Dhuibhne, Uíbh Ráthach agus na Déise ón oifig i nDíseart an Daingin i gContae Chiarraí.

Deis a thabhairt do thuismitheoirí teacht le chéile ar a gcompord lena gcuid leanaí i dtimpeallacht Gaelainne an sprioc is mó atá romham agus bím ag comhoibriú leis na hOifigigh Pleanála Teanga go háitiúil chun sin a bhaint amach.

Dheineamar Tóraíochtaí Teaghlaigh a fhorbairt ar shiúlóidí aitheanta sna Déise agus i Múscraí agus ní fada go mbeidh tóraíocht Chorca Dhuibhne ullamh. Déanfar iad seo ar fad a fhoilsiú sa Mhárta i dteannta le Tóraíochtaí Taisce, 15 bhileog spraoi do leanaí le dathú agus le dul i mbun tóraíochta sa ghairdín ar chúl an tí.

Bhí seisiún scéalaíochta againn le déanaí le Teaghlaigh Uíbh Ráthaigh, an chéad cheann d’ócáidí Gaelainne míosúla do thuismitheoirí agus leanaí, agus táimíd ana-bhuíoch do ‘An Garbhán’ as a bheith inár láthair!

Beidh an Bugaí Beoga ag teacht go Baile Bhuirne i Múscraí i mí an Mhárta, deis do mháithreacha (agus aithreacha) leanbh a thabhairt amach sa bhugaí agus roinnt beag aclaíochta a dhéanamh le tuismitheoirí eile.

Ceol, tóraíocht, amhránaíocht, ealaín, scéalaíocht, aclaíocht, grúpaí teaghlaigh – níl teora leis an méid gur féidir linn tabhairt fé i nGaeltachtaí na Mumhan.

Más spéis libh páirt a ghlacadh in ócáidí teaghlaigh cuir scéal chugam ag roibeard@tuismitheoiri.ie  nó 087-3762941 nó buail isteach go ‘n oifig sa Daingean.

Ba bhreá liom cloisint uaibh – Hup!!

 

Roibeard Ó hEartáin

Oifigeach Forbartha na Mumhan

X