Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Cuideachta faoi lánseol

Clár teaghlaigh nua é Cuideachta a chuireadh ar bun do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge.

Comhoibriú idir Tuismitheoirí na Gaeltachta agus na hOifigigh Pleanála Teanga atá i gceist le Cuideachta, clár do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge. Tabharfar teaghlaigh le chéile go háitiúil agus cuirfear ócáidí taitneamhacha, spraíúla ar fáil dóibh. Tabharfar pacáistí do na teaghlaigh ag gach ócáid agus cuirfear cárta gníomhaíochta ar fáil i ndiaidh bliana, rud a thabharfaidh deis do theaghlaigh lascainí a fháil ar sheirbhísí agus gníomhaíochtaí éagsúla.

Tugadh cuireadh do na hOifigigh Pleanála Teanga spéis a léiriú sa chlár Cuideachta níos luaithe i mbliana agus mar thoradh ar seo, beidh an scéim seo á chur ar bun i seacht gcinn de Limistéir Pleanála Teanga i mbliana agus súil an líon seo a mhéadú an bhliain seo chugainn. Tá cuireadh á thabhairt do theaghlaigh páirt a ghlacadh ó na limistéir pleanála teanga seo leanas…

  • Oileán Thóraí
  • Gaoth Dobhair
  • Dúiche Sheoigheach
  • Conamara Láir
  • Ceantar na nOileán
  • Ráth Chairn agus Baile Ghib
  • Uíbh Ráthach

Bhí an-éileamh ar an gclár seo agus ar an drochuair níorbh fhéidir freastal ar gach uile LPT a dhein iarratas. Mar gheall ar seo tá plean gníomhaíochta aontaithe le cheithre LPT eile a bheidh i bhfeidhm as seo go deireadh na bliana.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil agus/nó clárú do Chuideachta ach teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Forbartha cuí nó eolas@tuismitheoiri.ie

Tá an togra seo mar chuid de plean oibre TnaG atá maoinithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

X