Tá an-ríméad orainn an chéad réalt Youtube do pháistí i nGaeilge a chur in aithne daoibh – Clíona Ní Ghallachóir! Na 5 chéadfa atá faoi chaibidil ag Clíona sa bhfíseán seo agus í ag díriú ar Smideadh.
Tá aithne ag cairde Thuismitheoirí na Gaeltachta ar Chlíona cheana féin ó na físeáin gleoite a chuir sí féin agus Oifigeach Forbartha Dhún na nGall Eilín Ní Bhaoill le chéile dúinn le linn na géarchéime. Scaipeadh na físeáin seo ar na grúpaí sóisialta WhatsApp i dtús ama agus bhí an oiread tóir ar na físeáin go bhfuil muid anois á gcur ar fáil ar Youtube don domhain mór.