Beidh an ócáid Cuideachta ag an Oireachtas do theaghlaigh Ghaeltachta ar bun óna… 4.00-6.00 Déardaoin an 3ú Samhain ’22. Mar chroí an cheiliúrtha beidh mórsheisiún ceoil do dhaoine óga againn agus leis seo tugtar cuireadh do cheoltóirí óga ó na ceantair Ghaeltachta éagsúla bheith páirteach linn. Ócáid neamhfhoirmeálta spraíúil a bheas ann, beidh neart le n-ithe agus le n-ól agus beidh geansaithe speisialta ar fáil dóibh siúd a bheidh páirteach. Bígí linn!
A chairde Gael, bígí linn gan baol, don spórt agus spraoi, a bheas ag teaghlaigh.
Beidh ceol agus craic, cúinne do leanaí, pictiúir le dathú, leabhra ‘gus cluichí.
Cuideachta ag an Oireachtas, ócáid mhór ghroí, an 3ú lá Samhna, sin an Déardaoin, a chroí.
Leis an gcéad ghlúin eile, beidh seisiún mór ceoil, tabhair leat do ghiuirléid, beidh áit duit ar stól.
Caint agus cabaireacht, óna 4.00 go ‘n a 6.00, le Tuismitheoirí na Gaeltachta, ólaimis braon tae.
HUP!