Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Cinema Gaelach

Club Scannán TnaG: An chéad chlub scannán i nGaeilge do theaghlaigh!

Tá an-ríméad ar TnaG a fhógairt go bhfuil An Cinema Gaelach, Club Scannán do Theaghlaigh, bunaithe go hoifigiúil.

Seo an chéad chlub scannán i nGaeilge do theaghlaigh sa tír (ar domhan go deimhin!) agus táimid ag súil go mór le sceideal breá scannán a chur le chéile le taispeáint in ionaid ar fud na Gaeltachta.  Tá an Club cláraithe le Access Cinema agus tá tacaíocht faighte againn ó TG4.

Tá TnaG ag plé le scannáin sa phobal le tamall ar ndóigh le tacaíocht ó Chlub Scannán Sailearna agus táimid fíorbhuíoch as an gcúnamh a thug siad dúinn agus an chomhairle a chuir siad orainn ar feadh na mblianta.

Ócáid faoi leith é an Cinema Gaelach, múnla atá curtha le chéile ag TnaG ina dtaispeántar leagan Gaeilge de scannán teaghlaigh gan foth-theidil ar scáileán mór. Tugtar deochanna agus grán rósta do na teaghlaigh – amhail is gur ag an bpictiúrlann féin a bheidís! Bíonn polasaí teanga TnaG i bhfeidhm mar is gnáth le timpeallacht iomlán Gaelach a chruthú don pháiste.

Beidh sceideal scannán á fhoilsiú ag TnaG go luath ach idir an dá linn má tá spéis ag daoine sa Chlub is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag eolas@tuismitheoiri.ie

X