Beidh tús á chur leis na Ceardlanna Scríbhneoireachta do dhaoine óga 12-18 bliana le Darach Mac Con Iomaire ar an gCéadaoin 3 Meitheamh. Cúrsa 4 seachtaine a bheidh i gceist. Beidh na ceardlanna ar bun ar an gcóras Zoom agus ní bheidh aon chostas le n-íoc.
Dhá ghrúpa a bheidh ann – grúpa sóisearach (10:00 – 10:45) agus grúpa sinsearach (11:00 – 11:45). Tá 3 nó 4 spás fós fágtha ach déan teagmháil linn go beo ag eolas@tuismitheoiri.ie nó 087 2461685 le áit a chinntiú. Cuimhnigh go bhfuil deis ag daoine óga ó áiteanna ar fud na tíre (nó na cruinne) bheith páirteach sna ceardlanna seo – tá daoine óga ó Chonamara, Oileáin Árann, Tír Chonaill, na Déise & Corca Dhuibhne cláraithe cheana féin.
Is scríbhneoir, léiritheoir agus aisteoir den scoth é Darach Mac Con Iomaire a bhíonn ag obair mar áisitheoir drámaíochta le TnaG.