Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Babaí ar an mBealach

Ceardlanna réamhbhreithe do lánúin atá ag súil le páiste é Babaí ar an mBealach arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta. Beidh an chéad cheardlann ar siúl in ionad Splanc ar an gCeathrú Rua Dé Sathairn an 2 Iúil.

“Beidh ceardlanna ar siúl i nGaoth Dobhair, i gCorca Dhuibhne agus i gConamara sa bhFómhair agus agus beidh fáilte roimh lánúnacha, nó mná atá ag súil agus a gcomrádaithe, nó an bhean aisti féin más é sin is compordaí di” adúirt ceannasaí na heagraíochta, Sorcha Ní Chéilleachair.

Beidh seisiún éagsúla i gceist, ag brath ar na teagascóirí sa cheantar ina measc: seisiún aclaíochta a bheadh dírithe ar an mbean atá ag súil, seisiúin faoi bhean faoi luí seoil agus conas í a chur ar a compord, seisiúin le mná glúine faoi theacht an linbh ar an saol agus na laethanta ina dhiaidh sin, seisiúin le comhairleoirí cothú brollaigh agus neart eile. Mairfidh gach ceardlann ar feadh tuairim is trí uair a chloig agus tabharfar mála féiríní amach ag a dheireadh.

Beidh deis ann chomh maith tús a chur leis an gcomhrá faoi theanga baile an teaghlaigh. Beidh sos i lár na ceardlainne agus deis ag daoine seal a chaitheamh i gcomhluadar a chéile le ceisteanna faoi theacht an linbh a phlé. Beidh na ceardlanna ar bun in ionaid chompordacha, ní dhéanfar aon bhreithiúnas ar éinne agus cuirfear gach aon chóir ar na daoine a bheidh páirteach.

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi ‘Babaí ar an mBealach ach teagmháil a dhéanamh le eolas@tuismitheoiri.ie nó 091 869571.

Tá an togra seo mar chuid de plean oibre TnaG atá maoinithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt gus Meán.

X