Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Gaoth Dobhair & Leitir Mealláin

Ceardlanna réamhbhreithe do lánúin atá ag súil le páiste é Babaí ar an mBealach arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta.

Teach Jack, An Ghlaisigh, Gaoth Dobhair 17 Meán Fómhair ’22 

eilin@tuismitheoiri.ie  085-8624322

agus

Ionad na Feamainne, Leitir Mealláín, 24 Meán Fómhair ’22 

eolas@tuismitheoiri.ie

“Tá fáilte is fiche roimh lánúnacha, nó mná atá ag súil agus a gcomrádaithe, nó an bhean aisti féin más é sin is compordaí di” adúirt ceannasaí na heagraíochta, Sorcha Ní Chéilleachair.

Beidh seisiún éagsúla i gceist, ag brath ar na teagascóirí áitiúla ina measc: seisiún aclaíochta a bheadh dírithe ar an mbean atá ag súil, seisiúin faoi bhean faoi luí seoil agus conas í a chur ar a compord, seisiúin le mná glúine faoi theacht an linbh ar an saol agus na laethanta ina dhiaidh sin agus neart eile. Beidh deis ann chomh maith tús a chur leis an gcomhrá faoi theanga baile an teaghlaigh agus sos i lár na ceardlainne chun seal a chaitheamh i gcomhluadar a chéile le ceisteanna faoi theacht an linbh a phlé.

Mairfidh gach ceardlann ar feadh tuairim is trí uair a chloig, cuirfear lón ar fáil agus tabharfar mála féiríní amach ag a dheireadh. Beidh na ceardlanna ar bun in ionaid chompordacha agus cuirfear gach aon chóir ar na daoine a bheidh páirteach.

Tá an togra seo mar chuid de plean oibre TnaG atá maoinithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt gus Meán.

X