Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Glac páirt i dTóraíocht Taisce sa Ghaeltacht

Tá breis agus 200 teaghlach cláraithe do Thóraíocht Taisce don Teaghlach i mbliana, léiriú ar an tsuim ollmhór atá ag tuismitheoirí agus a gclann sa dúlra agus sa timpeallacht. Daoibhse nár chláraigh in am don phacáiste tóraíochta, is féidir páirt a ghlacadh linn fós.

  •  Bileoga Spraoi deartha go speisialta againn le líníocht álainn an ealaíontóra Dómhnal Ó Bric.
  • Tá póstaer álainn Féileacáin na hÉireann anseo chomh maith, a bhuíochas sin do Cultúr Club, Conradh na Gaeilge.
  • Stiall aoibhinn, Crainn & Toir díreach foilsithe ag an Ionad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta agus ar fáil le ceannach.

Cuirfear na Tóraíochtaí Taisce ar fad – Liostaí den fhiadhúlra, Grianghraf, Ainm an Teaghlaigh agus Ainm na háite in airde ar an suíomh anseo, idir seo agus an 12 Meitheamh 2021, deis daoibhse dúlra agus áilleacht bhur gceantar féin a chur os comhair an domhain mhóir! Glac páirt ANSEO

Agus is féidir páirt dhíreach a ghlacadh sa cheiliúradh ar an 12 Meitheamh 2021 tráth a bheidh óige na hÉireann ag ceiliúradh Cruinniú na nÓg, ach bhur gcuid tóraíochtaí féin a roinnt ar na meáin shóisialta le #TóraíochtTaisce agus #Cruinniunanog

Bainigí súp agus pléisiúr as ár dtaiscí galánta áitiúla, ach ná fág bhur lorg orthu! 

X