Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

An tOireachtas 2023

Ba mhaith le Tuismitheoirí na Gaeltachta comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le gach uile pháiste agus duine óg a leag cois ar stáitse thíos i gCill Airne. Táimid an-bhródúil go deo as na daoine óga a bhí in éineacht le Tuismitheoirí na Gaeltachta ag na ceardlanna san Aithriseoireacht, Scéalaíocht, Agallamh Beirte, Lúibíní, Amhránaíocht ar an Sean Nós agus Damhsa ar an Sean Nós, iad sin a ghlac páirt sa Seó Mór i Leitir Móir agus ag Seó na Gaeltachta i nGaoth Dobhair. Bhí sibh uilig thar barr.

Chuir Tuismitheoirí na Gaeltachta 132 ceardlann ar fáil dóibh siúd a bhí ag réiteach don Oireachtas agus bhí 68 duine óg páirteach ó Chonamra, Oileáin Árann agsus Tír Chonaill.

Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghlacadh leis na teagascóirí a bhí ag obair leis na daoine óga, níl fhios an obair a rinne siad agus ba dheis iontach é do na daoine óga seal a chaitheamh ina gcomhluadar. Sin iad Máirín Mhic Lochlainn, Sarah Ghriallais, Michéal Ó Cualáin, Adhna Ní Bhraonáin, Máire Bríd Ní Chualáin, Ciara Ní Dhonncha, Tomás Mac Con Iomaire, Ann Ní Dhonnacha, Saoirse Ní Dhomhnaill, Conor Ó Gallachóir agus Suzanne Uí Ghallachóir.

X