Athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise dhaoibh a chairde, tá súil agam go raibh briseadh deas agaibh le haghaidh na Nollag.
Tá mise ag obair mar Oifigeach Forbartha i gCúige Chonnacht agus Laighean i bpríomhoifig Thuismitheoirí na Gaeltachta ar an gCeathrú Rua i gConamara.
Is iad ceantar na Ceathrún Rua, Ceantar na nOileán, Oileáin Árann, Bearna & Cnoc na Cathrach, Oirthear Chathair na Gaillimhe, An tEachréidh, Ráth Chairn agus Baile Ghib na limistéir pleanála teanga atá faoi mo chúramsa agus mé i mbun mo chuid oibre le TnaG.
Tá neart imeachtaí agus ócáidí spraíúla beartaithe againn le haghaidh 2022, ina measc ranganna ceoil, damhsa, amhránaíochta, seisiúin aclaíochta, aireachais, suathaireacht do leanaí, ceardlanna ealaíne agus go leor leor eile.
Is fada linn go mbeimid in bhur gcomhluadar arís nuair a bheidh feabhas tagtha ar an ngéarchéim sláinte. Tá súil agam go bhfaighidh mé deis aithne níos fearr a chur ar na pobail seo i mbliana agus go n-éireoidh linn cur le tacaíocht agus seirbhísí TnaG agus iad a chur ar fáil do na teaghlaigh sna ceantair éagsúla atá luaite thuas.
Is féidir teagmháil a dhéanamh liom ag
aisling@tuismitheoiri.ie nó
091 869571 / 087 246 1685.
Seo linn 2022!