1,057 teaghlach Gaeltachta a líon an suirbhé ar sheirbhísí teaghlaigh sa Ghaeltacht. Ó Chléire go Tóraigh go hAchill go hOileáin Árann, ó Rinn Ó gCuanach go Gleann Cholmcille, ó Chorca Dhuibhne go Ráth Cairn, Ó Chonamara go Gaoth Dobhair, ó Mhuigh Eo go Ciarraí Theas agus tuilleadh nach iad. Bhí teaghlaigh ó gach ceantar sa Ghaeltacht páirteach.
Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta thar a bheith sásta leis an spéis a léirigh pobal na Gaeltachta sa suirbhé íodh agus ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil libhse uilig a líon agus a ghlac páirt ann.