An Scéim Léitheoireachta
Seisiún scéalaíochta/drámaíochta a chuirtear ar fáil do scoileanna bunaithe ar leabhra nua-fhoilsithe agus síscéalta. Tugtar cóip de dhá leabhar a bhíonn faoi chaibidil do chuile pháiste a ghlacann páirt sna seisiúin ar mhaithe leis an léitheoireachta trí Ghaeilge a spreagadh.
Club Leabhar
Bíonn deis ag na páistí measúnú neamhspleách a dhéanamh ar sciar de na leabhra a fhoilsítear.
Dírítear go sonrach ar leabhra Ghaeilge nuafhoilsithe agus is deis iontach é chun cur le muinín na bpáistí sa teanga agus iad a spreagadh chun iad féin a chur in iúl. I ngrúpaí éagsúla dírítear ar leabhra atá oiriúnach dá n-aoisghrúpa féin agus bíonn deis plé ag na páistí. Oibrítear i gcomhar le comhordaitheoir a bhíonn i bhfeighil na ngrúpaí agus a mbíonn na páistí ar a gcompord leo.
Siopa Leabhar Gaeilge na nÓg.
Is féidir teacht chuig ionad Thuismitheoirí na Gaeltachta ar an gCeathrú Rua chun an rogha mór leabhar Gaeilge atá ar fáil le ceannach a fheiceáil agus a ordú más mian leat. Beimid ar fáil chun freastal ar ócáidí agus ar mhargaí – bord ar fáil de réimse leathan leabhar agus cluichí Gaeilge do Mhargaí Nollag agus ag ócáidí eile.
Leabhra sa bPobal
Bosca leabhar in áiteanna mar íoclanna dochtúra, bialanna, áiteanna poiblí etc
Ócáidí Liteartha i Leabharlanna
Eagraítear ócáidí liteartha ar leith le húdair éagsúla Gaeilge inár leabharlann Splanc, in Ionad Thuismitheoirí na Gaeltachta ar an gCeathrú Rua ag tréimhsí éagsúla a bhíonn dírithe ar spriocghrúpaí éagsúla ó ghasúir réamhscoile agus a gcuid tuismitheoirí, gasúir bunscoile agus scoláirí iarbhunscoile.
Is é príomhaidhm na n-ócáidí go léir go bhfeicfeadh na spriocghrúpaí éagsúla ceangal díreach idir an leabhar a bhíonn idir lámha acu agus an t-údar a bhíonn i láthair. Ábhar spreagtha dóibh féin agus bíonn deis acu eolas a chur ar an bpróiseas scríbhneoireachta a bhíonn ag na húdair éagsúla. Músclaítear suim sa léitheoireacht agus sa teanga fhéin ag na hócáidí. Faightear tuiscint níos leithne ar ábhar na leabhar a bhíonn á bplé agus cuirtear go mór le saibhreas teanga agus le muinín na ngasúr trí iad a spreagadh chun léitheoireachta agus cainte. Déantar na hócáidí uilig ó thús go deireadh a reáchtáil trí mheán na Gaeilge agus is deis iontach saibhrithe teanga a bhíonn iontu.