+353 (0)91 869571
+353 (0)87 376 2941
+353 (0)74 953 2640

Is teacht le chéile sóisialta é Gligíní do thuismitheoirí agus leanaí réamhscoile 0-4 bliana d’aois, áit a mbíonn deis ag leanaí spraoi lena chéile trí Ghaeilge.
Tugtar deis do thuismitheoirí labhairt agus sóisialú lena chéile, braon tae a ól agus aithne a chur ar thuismitheoirí áitiúla eile.
Is áit iontach í Gligíní do leanaí óga agus cuidíonn an ghrúpa leo a gcuid scileanna sóisialta a fhorbairt. Tá sé tábhachtach do leanaí bualadh le leanaí eile den aois chéanna agus a bheith ag spraoi leo.
Bíonn Áisitheoir i láthair ag Gligíní chun fáilte a chur roimh theaghlaigh agus ag braith ar suim an ghrúpa is féidir go mbíonn a leithéidí ar siúl…


Cothaíonn Gligíní timpeallacht a thugann deis do thuismitheoirí agus a gcuid leanaí Gaeilge a labhairt lena chéile go nadúrtha agus i slí dearfach.
Bíonn an tuismitheoir lárnach don nós seo a fhorbairt agus tá sé fíor-thábhachtach go luífidh cuairteoirí eile isteach leis an gcur chuige seo.
Tugann Gligíní deis do thuismitheoirí…
I gcás tuismitheoirí atá ar bheagán Gaeilge agus gur mhaith leo níos mó Gaeilge a úsáid sa bhaile, tá clár eile ar fáil ag Tuismitheoirí na Gaeltachta, sé sin Comhrá Teaghlaigh, gach eolas anseo
