Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Gailearaí

Scoil Iognáid Rís i nGairdíní an Dísirt

Tóraíocht Taisce - Gairdíní an Dísirt

Tóraíocht Baile

Dathanna an Fhómhair

Seoladh Tuarascála

An tOireachtas

Taibhsí agus púcaí beaga ag baint sult agus spraoi as Oíche Shamhna le linn Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne. Bhí ana-chraic go deo ag na teaghlaigh i rith na hoíche, ag an Tae Beag agus an Comórtas Bréagfheistis a d’eagraigh Tuismitheoirí na Gaeltachta tamall de bhlianta ó shin.

Cocaireacht

Seisiún cócaireachta le tuismitheoirí agus a gcuid leanaí ar an gCeathrú Rua, agus féasta boilge ina dhiaidh. Nach méanar do na leanaí deis cócaireachta a bheith acu i dteannta le comhluadar breá agus na blaisíní deasa a ullmhú agus a roinnt lena chéile ina dhiaidh.

Drámaíocht

Mol an óige agus tiocfaidh sí. Níl aon dabht ach go gcabhraíonn an drámaíocht leis an óige, lena bhforbairt pearsanta agus le muinín a chothú gan trácht ar deis spraoi agus siamsaíochta a chur ar fáil. Cuir ar stáitse í agus bláthóidh sí, faoi mar a léirigh an dráma seo i gConamara!

Siamsán

Dathanna, scáthanna agus boladh breá péinte ag siamsáin den tsórt seo.

Baineann leanaí ana-thaitneamh go deo as na himeachtaí seo – maireann croí éadrom i bhfad.

Sorcas

Nach mór an spórt agus spraoi a bhí ag na leanaí nuair a tháinig lucht an tsorcais ar an mbaile.

X