“Meas tú an bhféadfadh muid páiste a thógáil le Gaeilge?” Orla – Cnoc na Cathrach. Chuir Orla an cheist seo ar a fear céile sular thosaigh siad ag tógáil clainne agus anois tá ag éirí go breá leo. Tá tacaíocht agus cúnamh ar fáil ó Thuismitheoirí na Gaeltachta. Is cuma cén cúlra teanga atá agat, is féidir é a dhéanamh agus is fiú go mór é! Cláraigh linn le tuilleadh eolais a fháil ag tuismitheoiri.ie