Cúige Connacht / Laighean

+353 (0)91 869571

Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Féasta Filíochta

Tá Féasta Filíochta, imeacht ar líne an-spéisiúil á eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta don Oíche Chultúir ar an Aoine 18 Meán Fómhair.

Rogha dánta atá i gceist, cruinnithe le chéile ag Tuismitheoirí na Gaeltachta agus curtha ar fáil i bhfoirm leathanaigh dathúcháin ag togha na n-ealaíontóirí Gaeltachta.

Tá an-ríméad go deo orainn go mbeidh dán nua, cumtha go speisialta do Thuismitheoirí na Gaeltachta ag John Beag Ó Flatharta, á gcur i láthair an phobail den chéad uair ar an Oíche Chultúir.

Beidh na leathanaigh dathúcháin seo á scaipeadh in eagrán speisialta de Splanc, nuachtlitir Thuismitheoirí na Gaeltachta ar an Aoine.

X