Cúige Chonnacht / Laighean

+353 (0)91 869571

Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Meitheamh, 2021

This is a repeating event

02Mei10:01 rn11:30 rnTóraíocht Taisce don TeaghlachAmach faoin spéir libh!

SONRAÍ IMEACHTA

 

A chairde na cruinne,

Níl le déanamh agaibhse ach dul amach faoin spéir ag spaisteoireacht leis an teaghlach cois trá nó cois locha, ar phortach nó sliabh, i gcoill nó i ngleann nó ag láthair oidhreachta, agus a bheith ag faire ar an dúlra idir seo agus an 12 Meitheamh 2021.

 

*  Breac síos an méid den dúlra a fheiceann sibh ar an tsiúlóid is seolaigí  liosta ainmneacha den fhiadhúlra ar WhatsApp go (087) 376 2941.

*  Seol grianghraf nó dhó d’áilleacht na háite chugainn – ná seol níos mó ná dhá ghrianghraf  Ná déan dearmad Ainm an Teaghlaigh agus an Cheantair a chur leis.

*  Má tá abairt spéisiúil agat faoi do cheantarsa, abair linn.

 

Cuirfear na Tóraíochtaí Taisce ar fad – liostaí den fhiadhúlra, grianghraf, ainm an teaghlaigh agus ainm na háite ar-líne ar  www.tuismitheoiri.ie  idir seo agus an 12 Meitheamh 2021, deis daoibhse dúlra agus áilleacht bhur gceantar féin a chur os comhair an domhain mhóir!

 

Agus is féidir páirt dhíreach a ghlacadh sa cheiliúradh ar an 12 Meitheamh 2021 tráth a bheidh óige na hÉireann ag ceiliúradh Cruinniú na nÓg, ach bhur gcuid tóraíochtaí féin a roinnt ar na meáin shóisialta le #TóraíochtTaisce agus #Cruinniunanog

 

Bainigí súp agus pléisiúr as ár dtaiscí galánta áitiúla, ach ná fág bhur lorg orthu!

Tuismitheoirí na Gaeltachta

 

more

AM

(Céadaoin) 10:01 rn - 11:30 rn

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

X