Cúige Chonnacht / Laighean

+353 (0)91 869571

Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Meitheamh, 2021

MeiTóraíocht Taisce don TeaghlachGo deireadh na míosa

SONRAÍ IMEACHTA

A chairde na cruinne,

D’éirigh chomh maith sin leis an Tóraíocht Taisce don Teaghlach i mbliana go bhfuilimid ag glacadh le tóraíochtaí anois go deireadh na míosa. Níl le déanamh ach dul ag spaisteoireacht leis an teaghlach cois trá nó cois locha, ar phortach nó sliabh, i gcoill nó i ngleann nó ag láthair oidhreachta, agus a bheith ag faire ar an dúlra.

 

*  Breac síos an méid den dúlra a fheiceann sibh ar an tsiúlóid is seolaigí  liosta ainmneacha den fhiadhúlra ar WhatsApp go (087) 376 2941.

*  Seol grianghraf nó dhó d’áilleacht na háite chugainn – ná déan dearmad Ainm an Teaghlaigh agus an Cheantair a chur leis.

*  Má tá abairt spéisiúil agat faoi do cheantarsa, abair linn.

 

Cuirfear na Tóraíochtaí Taisce ar fad – liostaí den fhiadhúlra, grianghraf, ainm an teaghlaigh agus ainm na háite ar-líne ar  www.tuismitheoiri.ie  deis daoibhse dúlra agus áilleacht bhur gceantar féin a chur os comhair an domhain mhóir!

 

Bainigí súp agus pléisiúr as ár dtaiscí galánta áitiúla, ach ná fág bhur lorg orthu!

more

AM

Imeacht míosa (Meitheamh)

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

X