Cúige Chonnacht / Laighean

+353 (0)91 869571

Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Bealtaine, 2021

BeaTóraíocht Taisce don Teaghlach 2021Cláraigh linn anois

SONRAÍ IMEACHTA

Cláraigh linn ag Tóraíocht Taisce don Teaghlach  roimh an 31 Bealtaine 2021 agus seolfar pacáiste tóraíochta chugat mar chuid d’ócáid speisialta Thuismitheoirí na Gaeltachta agus Cruinniú na nÓg.

Téigí amach ansin ag spaisteoireacht leis an teaghlach cois trá nó cois locha, ar phortach nó sliabh, i gcoill nó i ngleann nó ag láthair oidhreachta.

Seolaigí  liosta ón Tóraíocht go WhatsApp 087-3762941 den méid a fheiceann sibh – éin, bláthanna, crainn, ainmhithe, feithidí srl. le cúpla grianghraf d’áilleacht an cheantair. Ná déan dearmad ainm an teaghlaigh agus an cheantair a chur leis.

Cuirfear na Tóraíochtaí Taisce ar fad – na liostaí, grianghraf agus ainm an teaghlaigh ar-líne ag  www.tuismitheoiri.ie  de réir mar a thagann siad isteach. Scaipfear ar na meáin shóisialta iad mar chuid de Chruinniú na nÓg ar an 12 Meitheamh 2021.

Moltar clárú go luath mar go bhfuil líon teoranta pacáistí ar fáil.

 

Bainigí súp agus pléisiúr as ár dtaiscí galánta áitiúla, ach ná fág bhur lorg ann!

 

more

AM

Imeacht míosa (Bealtaine)

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

X