Cúige Chonnacht / Laighean

+353 (0)91 869571

Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Lúnasa, 2021

10LúnAll Day17Ciorcal na gCnaipíGligíní

SONRAÍ IMEACHTA

Tá an cleachtadh seo an-mhaith do scileanna minluaileacha an naíonáin mar gheall ar na méara beaga de.

Seo a leanas atá uait: Mála plaisteach zip, glóthach ghruaige, marcóir, cnaipí daite, téip, siosúr agus cairtchlár.

  1. Déan ciorcal amach as an chairtchlár agus greamaigh é le téip ar an mhála.
  2. Cuir an glóthach ghruaige isteach sa mhála.
  3. Cuir na cnaipí isteach sa mhála.

An aidhm atá leis an ghníomhaíocht seo ná go mbeidh na naíonáin ag stiúradh na gcnaipí isteach sa chiorcal. Is féidir súile agus srón a tharraingt i gcosúlacht ainmhí agus an t-ainmhí ag ithe na gcnaipí.

Éagsúlacht eile ná dhá dhath cnaipí a chur sa mhála, le cois dhá chiorcal chomhoiriúnacha. Mar shampla go mbeidh ar an pháiste na cnaipí dearga a chur sa chiorcal dearg agus na cnaipí buí a chur sa chiorcal buí. Seo siamsaíocht atá thar a bheith tairbheach do naíonáin.

more

AM

Lúnasa 10 (Máirt) - 17 (Máirt)

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

X